Le hEoghan Mac Conaill Óig
San aoi-léacht dheireanach den seimeastar labhair Dr Eoin Hurrell leis an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais faoin meaisínfhoghlaim.
Seans nár chuala sibh an focal ‘meaisínfhoghlaim’ riamh cheana, ach tá gach seans go raibh tionchar aige oraibh am éigin i ngan fhios daoibh féin.
Ar tharla sé riamh gur mhol Netflix scannán daoibh a bhí díreach ceart?
Ar éirigh le Amazon leabhair nua a thairiscint daoibh, a bhí ag teacht le bhur gcuid ábhar spéise féin?
An bhfuil aithne beaganín rómhaith ag Facebook oraibh?
Má tá, is amhlaidh go raibh teagmháil agaibh cheana féin leis an meaisínfhoghlaim.
Tá an mheaisínfhoghlaim i measc na bhforbairtí teicneolaíochta is úire dá bhfuil againn. Séard a dhéanann sí ná patrúin a aithint ar bhealach cliste i mbunachair mhóra sonraí. Nuair a aimsíonn ríomhairí patrúin i sonraí móra, is féidir leo a bheith ag foghlaim uathu, rud a fhagann go mbíonn an meaisín ag éirí níos cliste an t-am ar fad.
Tá rochtain ag ríomhairí an lae inniu ar na bunachair sonraí is mó a cruthaíodh riamh – an bailiúchán is mó patrún a taifeadadh riamh. Gach curadach a rinneadh riamh ar Google, gach postáil a thaitín le daoine riamh ar Facebook, gach rud a ceannaíodh riamh ar Amazon, gach scannán ar breathnaíodh riamh air ar Netflix, gach focal a aistríodh riamh ar líne, nó fiú gach turas a rinneadh le treoracha ó Google Maps. Tá taifeadadh déanta orthu sin uilig agus dá mhéad sonraí ar féidir le ríomhaire anailís a dhéanamh orthu, is ea is fearr atá aithne aige orainn.
Tá seantaithí againn anois ar na tascanna is simplí a bhaineann leis an meaisínfhoghlaim, mar shampla na scannáin nó na táirgí a mholtar dúinn ar shuíomh idirlín (Bíonn tionchar ag moltaí meaisínfhoghlamtha ar aon trian de na díolacháin a dhéantar anois ar Amazon). Baineann Google úsaíd aisti le do chuardach a thuar:
A fhad is a bhíonn muidne ag Googláil linn, tá tionscal na meaisínfhoghlama ag dul ó neart go neart, agus a chuid algartam ag éirí níos cruinne agus níos cliste i gcónaí.
Bhí Facebook agus Cambridge Analytica go mór i mbéal an phobail le déanaí toisc gur úsáideadh algartaim meaisínfhoghlama le hanailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta úsáideoirí Facebook, chun próifíleanna a chrúthú dá bpearsantachtaí bunaithe ar na Cúig Thréith Mhóra Phearsantachta. Baineadh úsáid astu siúd le tionchar a imirt ar chinntí votála na n-úsáideoirí a bhí i gceist.
Tá Tesla agus gnólachtaí eile gluaisteán ag baint úsáid as an meaisínfhoghlaim chun gluaistéain gan tiománaithe a fhorbairt. Baintear úsáid as braiteoirí ar an ngluaistéain chun cuimhní digiteacha a chrúthú de na turais a dhéantar. Nuair a chuirtear sonraí GPS leis na cuimhní seo, cuirtear ar chumas an ghluaistéain a bhealach a aimsiú gan duine ar bith a bheith taobh thiar den roth stiúrtha.
I gcomhthéacs an chúraim sláinte, tá úsáid bainte as an meaisínfhoghlaim le hobráidí róbataice a dhéanamh, le diagnóis a dhéanamh ar ghalair agus le pacáistí cúram sláinte a mholadh don úsáideoir.
Tá córas creidiúintí sóisialta á fhorbairt ag Rialtas na Síne, a bhaileoidh gach cineál eolais (m.sh. cúrsaí sóisialta, airgid, sláinte, taistil, coiriúlachta, srl.) faoi shaoránaigh na tíre le chéile in aon chóras amháin. Bainfear úsáid as algartaim meaisínfhoghlama le hanailís a dhéanamh ar an mbunachar sonraí ollmhór seo, chun ‘rátáil iontaofachta’ a thabhairt do gach saoránach. Beidh tionchar ag an rátáil iontaofachta seo ar an gcead a bheith acu ithe i mbialanna áirithe, iasachtaí a fháil ón mbanc, úsáid a bhaint as an gcóras iompair phoiblí nó taisteal thar lear.
Anuas air sin, meastar go mbeidh 47% de phoist sna Stáit Aontaithe i mbaol sna blianta amach romhainn mar gheall ar an uathoibriú a bhainfidh leis an meaisínfhoghlaim.
Agus fás ag teacht ar na bunachair sonraí atá ar fáil agus ar chumas na meaisínfhoghlama, tá fás ag teacht freisin ar an bhfeasacht atá againn ar na himpleachtaí eitice a bhaineann leis na teicneolaíochtaí seo. Chuige sin, tá an tAontas Eorpach ag seoladh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Is rialacha nua éigeantacha iad seo maidir le bailiú agus próiseáil sonraí daoine. Tá go leor taighde ar siúl ag ollscoileanna anseo in Éirinn, go háirithe anseo in DCU ar an meaisínfhoghlaim agus ar na ceisteanna eitice a bhaineann léi.
Ardaíonn an mheaisínfhoghlaim go leor ceisteanna. Céard atá i ndán don mhargadh fostaíochta? Conas is féidir sonraí pearsanta an phobail a phróseáil ar bhealach eiticiúil? An linn féin na cinntí a dhéanann muid, nó an bhfuil coráis dhigiteacha ag imirt tionchar orainn i ngan fhios dúinn féin? Ar cheart dúinn glacadh leis an meaisínfhoghlaim, chun séirbhisí poiblí a fheabhsú? Conas is féidir feasacht a ardú faoin meaisínfhoghlaim mar chuid den chorás oideachais? Ar cheart dúinn tarraingt siar beaganín ó chuid de na teicneolachtaí seo?
Ba cheart go mbeadh sé soiléir daoibh ag an bpointe seo gur ábhar uilíoch é seo agus nach leis an ríomheolaíocht amháin a bhaineann sé. Mar a dúirt Olivier Klein, ceannaire na dteicneolaíochtaí úra in Amazon, le déanaí, “machine learning is the new normal”.
Geallaim daoibh go gcloisfidh sibh go leor eile faoin meaisínfhoghlaim sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Molaim daoibh súil a choinneáil ar an dul chun cinn a dhéanfar sa réimse seo, go háirithe mar gheall ar an dlúthbhaint atá aige le forbairt na hintleachta saorga.
Lean an obair atá ar siúl ag Dr Eoin Hurrell @eoinhurrell agus @CohortHQ.
Le hEoghan Mac Conaill Óig, léachtóir le Gnó in Fiontar & Scoil na Gaeilge. (eoghan.mcconalogue@dcu.ie nó @macconailloig ar Twitter)