Rinne mé an céim Gaeilge & Iriseoireacht le Fiontar ó 2009 – 2012. Is as Ciarraí mé agus mar sin ba thuras fada é ó Trá Lí go Baile Átha Cliath (nó ‘The Big Smoke’ mar a ghlaotar air!).

Fiontar, DCU
Úna-Minh Caomhánach a rinne an BA Gaeilge & Iriseoireacht le Fiontar, DCU

Ba chúrsa iontach gearr é i ndáiríre agus bhí a lán clúdaithe idir mhodúil ‘gus obair phraicticiúil. Phioc mé an cúrsa mar tá grá agam don Ghaeilge agus ar an lámh eile bhí ollghrá ‘am don iriseoireacht.

Chuir an cúrsa an dá ábhar sin ar fáil dom. Bhíos inann an Ghaeilge a fhoghlaim agus bhí an deis agam scríobh, a bheith ar an raidió agus eagarthóireacht a dheánamh gan stró. Bhí na háiseanna ag Fiontar ann dúinn chun é sin a dhéanamh.

Fiontar, DCU
Úna le céimithe eile agus léáchtóirí ar lá bronnadh na gcéimeanna, Fiontar, DCU

Thaitin saol na hollscoile liom ach don chuid is mó bhíos ag iarraidh léim amach agus saol oibre a chruthú dom féin in Éirinn mar iriseoir agus mar saineolaí na meán shóisialta.

Anois oibrím mar iriseoir le WorldIrish.com ceann de na heagrachtaí is tábhachtaí sa saol atá inniu ann. Scíbhim thart ar cúig scéalta chuile lá do na hÉireannaigh atá in Éirinn agus dóibh siúd atá thar lear. Bím ag plé le daoine/eagrachtaí/clubanna ar fud an domhain – mar shampla le déanaí rinneas agallamh leis an fear i gceannas ar an ‘St Patrick’s Day Ball’ in Sydney agus leis an bhfear a chruthaigh ‘Wellington Currach Club’ thall i Nua Shéalainn.
Don chuid is mó tá mo scéaltaí trí mheán an Bhéarla ach tá an deis agam i gcónaí alt a scríobh i nGaeilge. Chomh maith leis sin, gach lá cuirim ‘Téarma an Lae’ ar fáil ar an suíomh agus bíonn an lucht féachana inann iad a fheiceáil.
Is breá liom mo phost agus táim fíor bhuíoch as na scileanna a dh’fhoghlaim mé in Fiontar, DCU.

One thought on “Úna-Minh Caomhánach, Gaeilge agus Iriseoireacht 2012

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s