Shane Curran, BA Gaeilge agus Iriseoireacht, 2010

Chríochnaigh Shane Curran an BA Gaeilge & Iriseoireacht le Fiontar, DCU i 2010. Cuireann Fiontar, DCU é faoi agallamh.

Shane Curran, Fiontar DCU

Shane Curran ag fáil scoláireacht Fulbright

Cé as tú

Teileann, Tír Chonaill

Cén áit a bhfuil tú ag obair faoi láthair

Below the Radar TV

Shane Curran, Fiontar DCU

Ag déanamh agallamh


Cén fáth a phioc tú BA Gaeilge agus Iriseoireacht a dhéanamh thar aon chúrsa eile?

Bhí rang s’againne ar an chéad dream le tabhairt faoin chúrsa. Bhí cuma tharraingteach ar na modúil éagsúla agus go leor béime ar fhoghlaim scileanna praiticiúla. Phioc mé an chéim go príomhúil siocar gur chúrsa dátheangach a bhí ann ina raibh táithí oibre deimhnithe ag a deireadh.

Cur síos faoi cad a cheap tú faoin gcúrsa.

Bhain mé taitneamh agus tairbhe as na trí bliana a chaith mé le Fiontar. Tá cuimhní ceanúla agam ar na laethanta a chaith mé i DCU. Bhí léachtóirí againn a raibh i mbarr a réimse in iriseoireacht na Gaeilge, theagasc siad gairm seachas ábhar scoile. Cuireadh ábhar an tseomra ranga i gcleachtas sa phobal le leithéid Raidío na Life agus nuachtán na coláiste – tús le foghlaim na ceirde!

Cén fáth a mholfá an cúrsa seo?

Déantar staidéar ar réimsí éagsúla na hiriseoireachta agus ar na bunscileanna atá de dhíth le feidhmiú sna réimsí sin. Bhí na léachtóirí i gcónaí ar fáil le nod a thabhairt faoina deiseanna éagsúla a raibh ar fáil le táithí oibre a aimsiú. Níl a sharú ar shaol na scoláire i DCU ach in oiread!

Cad a cheap tú faoi saol ar an ollscoil. Ar thaitin sé leat?

Tá beocht iontach ar champas na hollscoile. Bhí lámh agam i roinnt Cumann ar an champas idir pheil Ghaelach, liathróid lámha agus ar ndóigh, An Cumann Gaelach. Is cuimhin liom gur bhain muid amach cluiche ceannais na sraithe sóisear – shilféa gur chuiche ceannais peile na hÉireann a bhí ann leis an cheiliúradh a bhí idir lámha againn!

Cad atá ar siúl agat anois.

Is físiriseoir mé leis an chomhlacht léiriúcháin Below the Radar, i mBéal Feirste. Cuireann an chomhlacht cláracha faisnéise ar fáil do RTÉ, BBC agus TG4. Tá dhá suíomh idirlín iriseoireachta faoi bhun againn, www.thedetail.tv (suíomh d’iriseoireacht fiosrúcháin agus anailíse i dTuaisceart Éireann) agus www.meoneile.ie (suíomh ilmheán iriseoireachta). Déanaimse taighde, léiriú ag eagarthóireacht ar fhís scéalta Meon Eile.

Shane Curran, Fiontar DCU

Amuigh ag taifead

Aon rud eile ar mhaith leat a lua?

Múnlaíonn Fiontar a lucht léinn don saol gairmiúil agus cuireann siad i dtreo na fostaíochta thú. Chaith mé tréimhse ag tuairisceoireacht le Nuacht RTÉ/TG4 mar gheall ar thaithí oibre na céime. Tá eispéaras foglama dearfach i réim i Fiontar. D’éirigh liom scoláireacht Fulbright a bhaint amach i mbliain dheireanach na céime de bharr an tacaíocht a thug mo leachtóirí domh. Tá dlúth chairde agam ó na laethanta a chaith mé i nGlas Naíon. Trí bliana breátha san Ardchathair a sheasfas liom go ceann i bhfad!

This entry was posted in BA Gaeilge agus Iriseoireacht. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s