Emma McMullan, Gnó agus Gaeilge
Emma McMullan a rinne clár INTRA mar pháirt dá céim BA Gnó agus Gaeilge
Tá Emma McMullan sa bhliain deireanach ar an BA Gnó agus Gaeilge. Is as Seantraibh, BÁC í. Cuireann Fiontar, DCU í faoi agallamh.

Cen fáth ar phioc tú an BA Gnó agus Gaeilge?
Ní raibh mé in ann abairt trí Ghaeilge a chuir le chéile nuair a thosaigh mé i méanscoil, ach tar éis cúig bliana a chaitheamh sa Ghaeltacht mar dhalta agus ansin mar chinnire agus mar ardchinnire, bhí mé ag iarraidh an teanga a choimeád.

Cur síos faoin gcúrsa.
Is cúrsa beag é ach taitníonn sé sin liom – tá aithne ag gach duine ar a chéile agus bíonn na léachtóirí i gcónaí sásta cabhair a thabhairt maidir leis an gcúrsa agus nuair atá gairmeacha á bplé againn.

Cur síos faoin clár ‘Intra’ a rinne tú mar chuid den chéim
D’oibrigh mé mar inteirn leis an eagraíocht neamhbhrabúis, The American Ireland Fund, san ceanncheathrú i mBostún. Bhí mé ag plé le cuntasaíocht; teicneolaíocht faisnéise; deontais; cumarsáid agus bainistíocht imeachtaí. Chaith mé an chuid is mó den bhliain ag bainistíocht imeachtaí leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Bhí orm urraíochtaí a eagrú do cheithre imeachtaí móra a d’fhreastal idir 200 agus 1,100 aoí orthu. Thaitin na himeachtaí go mór liom agus bhí deiseanna agam taistil go Nantucket agus Cape Cod leis an obair sin, chomh maith le seachtain a chaitheamh san oifig i Nua Eabhrac mar iarratas ón Príomhoifigeach Feidhmiúcháin. Ag obair leis an rannóg cumarsáide, bhí mé curtha i gceannais ar níos mó ná 100 fógra a fháil ó chuideachtaí chun irisleabhar a chruthú don imeacht leis an oll-ioncam is mó ag an eagraíocht. Ón taithí seo, chomh maith le na dualgaisí eile a bhí agam, d’fhoghlaim mé an tábhacht a bhaineann le bainistíocht ama, cumarsáid éifeachtach agus scileanna idirphearsanta san ionad oibre.

Emma McMullan agus Enda Kenny
Chas Emma le Enda Kenny i mBostún mar pháirt dá obair ar an American Ireland Fund

Aon rud eile ar mhaith leat a lua?
Molaim INTRA do gach duine a bhfuil an rogha acu. Is deis iontach é scileanna oibre a fheabhsú chomh maith le do líonraí a fhorbairt roimh do ghairm a thosú.

Emma McMullan, Gnó agus Gaeilge
Emma ag freastal ar an dinnéar bhliaintiúil i mbostún

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s