Ronan Ó Dálaigh, Intra 2013

Ronan Ó Dálaigh, Fiontar DCU

Ronan Ó Dálaigh atá ar thaithí Intra le Unilever mar pháirt dá chéim BA Gnó agus Gaeilge.


Tá Ronan Ó Dálaigh faoi láthair ar chlár INTRA le Unilever mar pháirt dá chéim BA Gnó agus Gaeilge. Is ó Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath é agus cuireann Fiontar DCU é faoi agallamh.

Cén áit a bhfuil tú ag obair faoi láthair
Tá mé ag obair in Unilever faoi láthair ar thaithí Intra mar chuid de mo chéim agus i ndiaidh bliain a chaitheamh in Unilever rachaidh mé ar ais chuig DCU don bhliain deireanach.

Cén fáth a phioc tú BA Gaeilge agus Gnó a dhéanamh thar aon chúrsa eile?
Roghnaigh mé é ar roinnt chúiseanna.
(i) Braithim go bhfuil an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach tábhachtach dom go pearsanta agus bhi mé ag iarraidh é sin a neartu i mo shaol.

(ii) Bhí mé ag iarraidh céim ghnó den chéad scoth a fháil agus bhraith mé go gheobhfainn é sin in Fiontar toisc na ranganna beaga, ard-chaighdeán na leachtóirí agus clú acadúil láidir na hollscoile.

Cur síos faoi cad a cheap tú faoin gcúrsa.
Taitníonn an cúrsa go mór liom. Tá meascán maith idir an Ghaeilge agus an gnó. Uaireanta braithim go ba mhaith liom níos mó den ghnó a bheith sa chúrsa ach tá an-chuid deiseanna ann taithí ghnó a fháil sa scoil agus san ollscoil i gcoitinn.

Cén fáth a mholfá an cúrsa seo?

Mholfainn an cúrsa seo dóibh siúd ar suim leo an Ghaeilge nó an gnó agus ar mian leo dlúthatmaisféar cairdiúil a bheith mar ghné lárnach dá saol ar an ollscoil. Ar cheann de na rudaí is fearr faoin gcúrsa ná an cairdeas a dhéanfar le na mic léinn eile atá sa scoil.

Cad a cheap tú faoi saol ar an ollscoil. Ar thaitin sé leat?
Tá saol na hollscoile iomlán ar fheabhas! Is féidir aon rud gur mian leat a dhéanamh agus tá deiseanna uile ann dóibh siúd ar mian leo iad a lorg. Bhunaigh mé mo chumann ollscoile féin le cúpla cara agus mar chuid de sin bhuaigh muid turas chuig Washington DC.
washington DC 20121
Is dócha go gcuireann an cultúr ólacháin isteach orm ach feicim go bhfuil fadhbanna an alcóil ag laghdú an t-am ar fad. Chomh maith le sin tá an oiread sin cumainn, clubanna agus meithleacha eagsúla ann go dtiocfaidh le haon duine teacht ar ábhar suime dóibh.

Aon rud eile ar mhaith leat a lua?
Is é DCU an áit is fearr a raibh mé go dtí seo. Tá dinimic iontach ar an gcampas agus tá an pobal fíor-láidir, cairdiúil agus lán le fuinneamh. Molfainn do dhaoine ar bith ata ag smaoineamh ar teacht go DCU cuairt a thabhairt ar an gcampas agus feiceáil dóibh féin cé chomh iontach is atá sé.
BICS

This entry was posted in BA Gnó agus Gaeilge. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s