Déanann Liam Redmond, mac léinn sa bhliain dheireadh ar an BA Gnó agus Gaeilge cur síos faoina chúrsa agus an t-eagraíocht atá cruthaite aige- HeadstARTS.

Fiontar DCU, Liam Redmond
Liam ag freastal ar sheisiún Think Big

Roghnaigh mé an cúrsa BA Gnó agus Gaeilge le Fiontar, DCU, mar nuair a bhí mé ar an meánscoil, b’iad Gnó agus Gaeilge na ábhair ab fhearr liom. Phioc mé Fiontar de bharr na ranganna beaga agus an réimse modúil. Nuair a tháinig mé chuig DCU, bhí gach rud níos fearr ná a cheap mé. Ceapaim gur ceann de na ládireachtaí atá ag Fiontar ná na léachtóirí agus an foireann cairdiúil. Má bhíonn fadhb agat, is féidir leo aon rud a dhéanamh chun an fadhb a réiteach.

Fiontar DCU, Gnó agus Gaeilge
Cuid de na mic léinn sa bhliain deireadh den BA Gnó agus Gaeilge

Agus m’am ar an ollscoil ag druidim liom, is féidir liom a rá go raibh tréimshe den scoth agam i DCU. Ceapaim gurbh é Fiontar an fáth go raibh mé chomh sásta le saol na hollscoile. Seachas an t-oideachas atá thar bharr, rinne mé cairde i Fiontar a mbeidh liom ar feadh mo shaol ar fad. Anuas ar sin, bhí mé inann eagraíocht nua a chruthu – HeadstARTS a bhí mar bhrionglóid agam ar feadh na mblianta anuas.

Fiontar, DCU agus headstarts
Daoine i mbun rang headstarts

Cumasaíonn HeadstARTS daoine faoi mhíchumas intleachtúil tríd na hEalaíonta. Bíonn sé ar siúl gach Máirt le ranganna san ealaíon, rince agus dramaíocht. Tá ballraíocht láidir againn agus i Meán Fomhair seo chugainn, beidh níos mó clubanna HeadstARTS á bhúnú againn. Ní bheadh mé inann HeadstARTS a bhunú gan an cabhair agus an tacaíocht a fuair mé ó Fiontar agus an modúl Bunú Fiontar a dhéanann muid sa bhliain dheireadh ar an BA Gnó agus Gaeilge. Tugann an modúl Bunú Fiontar na foinsí agus na hacmhainní dom chun a bheith fiontraíoch agus chun HeadstARTS a chur ar siúl gach seachtain. Tugann sé léargas realaíoch dom ar an domhan gnó chomh maith – léargas a mbeidh tábhachtach domsa nuair a fhágfaidh mé an ollscoil.

Fiontar DCU, Headstarts
Daoine i mbun rang headstarts

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s