Déan dul chun cinn i do ghairm le iarchéim ó Fiontar, DCU

Tar éis dom an Ardteist a chur i gcrích, bheartaigh mé dul go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tabhairt faoi BA Idirnáisiúnta sa nGaeilge agus sa bhFraincis. Díreach ina dhiaidh sin, rinne mé MA sa Nua-Ghaeilge agus táimse ag obair in earnáil na Gaeilge ó shin i leith. Cúpla bliain ó shin nuair a bhí athrú poist uaim bhí mé ag déanamh taighde maidir leis na féidearthachtaí éagsúla a bhí ar fáil dom. Cé go raibh taithí cuibheasach leathan agam bheith ag plé leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla (eagarthóireacht, taighde, teagasc agus obair óige), mheas mé go raibh bearnaí áirithe ag baint le mo réimsí saineolais agus dá mbeadh aon ghanntanas post san earnáil amach anseo go bhféadfainnse bheith i bponc. Thosaigh mé ag breathnú ar chúrsaí páirtaimseartha éagsúla agus sa deireadh chreid mé go mbeadh an MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais in Fiontar, DCU ina chabhair ollmhór dom dá mbeinnse ag iarraidh dul chun cinn gairme a dhéanamh. Anuas air sin, tá an-suim agam i gcúrsaí margaíochta agus ilmheán, agus sheas an dá mhodúl sin amach ach go háirithe dom.

 

pic2

Sílim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an margaíocht agus na hilmheáin do réimse leathan jabanna i láthair na huaire – in earnáil na Gaeilge agus taobh amuigh di araon. Feictear dom gur buntáiste mór don fhostaí é bheith inniúil sna réimsí seo. Bhain mé an-tairbhe agus taitneamh as an dá mhodúl úd agus bainimse úsáid as roinnt mhaith den eolas teoiriciúil agus praiticiúil a bhfuair mé le linn na léachtaí sa bpost reatha atá agam. Bímse ag plé le ceardlanna margaíochta a chur ar fáil do stiúrthóirí naíonra agus is mise atá freagrach as na cuntais meán sóisialta atá ag Gaelscoileanna Teo.

Tá sé de bhua ag an gcúrsa MSc i Gnó & i dTeicneolaíocht an Eolais go bhfaightear blaiseadh ar go leor ábhar éagsúil agus más suim leat aon cheann faoi leith gur féidir tuilleadh taighde a dhéanamh ann nó díriú air mar ábhar tráchtais ag deireadh na bliana. Ní heol dom aon chúrsa eile atá comhchosúil leis agus atá ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Toisc gur cúrsa páirtaimseartha é bíonn an mac léinn ábalta leanúint ar aghaidh ag obair go lánaimseartha freisin. Ní fhéadfainn féin an cúrsa a dhéanamh murach é sin agus cé go raibh sé dúshlánach bheith iomlán tiomanta don dá rud i gcónaí b’fhiú go mór an infheistíocht sa deireadh. Bíonn meascán maith modhanna teagaisc i bhfeidhm le linn an chúrsa freisin – obair ghrúpa, obair aonair, seimineáir gréasáin agus roinnt tionscadal. Anuas ar na saineolas a fhaightear sna léachtaí, sealbhaítear roinnt scileanna breise eile atá an-úsáideach don suíomh proifisiúnta agus a bhféadfadh bheith an-tarraingteach don bhfostóir. Sampla amháin de seo, ná tionscadal a chuir muid i gcrích faoi stiúir an Dr Emer Ní Bhrádaigh don mhodúl bainistíochta tionscadail. Bhí ar chuile mhac léinn tabhairt faoi tionscadal neamhspleách tiomsaithe airgid do charthanacht dá rogha féin. Taithí den scoth a bhí ann ag cur an saineolais theoiriciúil, a roinn Emer go flaithiúil agus go fíorshainiúil sna ranganna, i bhfeidhm i gcomhthéacs praiticiúil. Bhain muid úsáid as bogearra Microsoft Project agus táimse cinnte go ndeachaigh an tionscadal seo go mór chun leasa chuile mhac léinn sa rang.

pic1

Is oifigeach forbartha le Gaelscoileanna Teo. í Ciara Ní Bhroin. Chríochnaigh Ciara an dioplóma iarchéime ar an  MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, DCU, ag deireadh 2015. Le breis eolais a fháil faoin iarchéim seo maraon le scoláireachtaí atá ar fáil déan teagmhail linn ag fiontar@dcu.ie nó 01 700 5614.

This entry was posted in MSc i nGnó & i dTeicneolaíocht an Eolais. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s