The Gallagher family commonplace book: Scéal na lámhscríbhinne

An Dr Pádraig Ó Liatháin

Thugas caint in ollscoil Harvard i mBostún ag tús Dheireadh Fómhair, agus a fhad is a bhíos sa chathair álainn sin, bhí an deis agam cuairt a thabhairt ar Boston College, áit a bhfuil leabharlann John J. Burns, ceann de na leabharlanna is fearr i Meiriceá Thuaidh don Léann Éireannach. Tá 14 lámhscríbhinn Ghaeilge i seilbh na leabharlainne, agus is san ochtú agus sa naoú céad déag a scríobhadh formhór na lámhscríbhinní seo.

Burnsmemorial.jpg
Leabharlann John J. Burns

Nuair a bhíos ansin, tháinig leabharlannaí chugam le seanleabhar ar a thug sí “An Gallagher family commonplace book” (leabhar sléachtanna bunúsacha). D’iarr sí orm sracfhéachaint a chaitheamh air toisc nach bhfuil léann na lámhscríbhinní ar éinne san ollscoil sin faoi láthair.  Tá an lámhscríbhinn shuntasach seo i seilbh Boston College le tamall beag, ceannaithe ó dhíoltóir leabhar uathúil.

De réir gach dealraimh, tosaíodh an lámhscríbhinn i gContae Dhún na nGall sa dara leath den ochtú céad déag, agus cuireadh léi thar na glúntaibh trasna an Atlantaigh i gcathair Nua-Eabhrac, anuas go dtí deireadh an naoú céad déag. Is i nGaeilge atá formhór na lámhscríbhinne seo scríofa, ach tá sleachta Laidine agus Béarla ann chomh maith. Tá an pheannaireacht inti slachtmhar agus soléite den chuid is mó, le roinnt leideanna de chanúint Uladh sa ré Iar-chlasaiceach.

Príomhscríobhaí na lámhscríbhinne seo ná fear darb ainm Charles Gallagher, dochtúir leighis, ach tá sínithe eile ann chomh maith, ina measc Hugh Reilly as Béal Átha Seanaidh i gContae Dhún na nGall, agus luaitear logainmneacha eile sa chontae céanna.

bostoncollege

Blas ar a bhfuil sa lámhscríbhinn:

Scéalta próis agus aistí filíochta is mó atá inti, agus is díol suntais go leor acu. Mar shamplaí den phrós, tá an scéal Artúrach ón 15ú haois, Eachtra An Mhadra Mhaoil, tá na scéalta Fiannaíochta Feis Tí Chonáin agus Bruíon Céise Corainn, agus an scéal grinn Ultach ón 17ú céad Mac na Míchomhairle. Ó thaobh na filíochta de, an ceann is suntasaí ná an dán polaitiúil ‘Tuireamh na hÉireann’, ar ceann de na haistí is tábhachtaí sa chanóin atá againn í, dán a ghlac áit Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn de réir a chéile sa traidisiún cóipeála.

 Tá a thuilleadh sa lámhscríbhinn a bhaineann le heolas pearsanta ar mhuintir Uí Ghallachóir: básanna agus breitheanna clainne agus gaolta leo sa dá thír, foirgnimh ar leo iad i Nua Eabhrac, uachtanna, agus fiú oidis ar conas béilte breátha a réiteach!

Braithim go raibh an t-ádh dearg orm an lámhscríbhinn seo, a bhí i seilbh phearsanta ar feadh i bhfad, a aimsiú agus a scagadh. Tá rún agam filleadh ar Bhostún an bhliain seo chugainn lena thuilleadh taighde a dhéanamh, agus tá maoiniú faighte agam ó choiste taighde DCU len é sin a dhéanamh.  Tabharfaidh an lámhscríbhinn seo léas dúinn, ní hamháin ar shaíocht na Gaeilge, agus ar thraidisiún liteartha Dhún na nGall, ach ar Ghaeil-Mheiriceánacha Nua-Eabhrac thar chúpla céad bliain, daoine a raibh sé tábhachtach dóibh an nasc leis an tír is an teanga dhúchais a choimeád beo.

20171005_163922.jpg
An Dr. Pádraig Ó Liatháin, in Ollscoil Harvard.

 

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

w

Connecting to %s