le Caoimhe Ní Chathail (Iar-mhac léinn)

Gaeilge & Iriseoireacht, DCU

Bhí me san idirbhliain nuair a chuala mé iomra ar an chúrsa ‘Gaeilge agus Iriseoireacht’ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus bhí a fhios agam gur sin go díreach an cúrsa domsa. Slí bheatha sna meáin a bheith uaim, na meáin Ghaeilge go háirithe.

D’fhreastail mé ar Ghaelscoil agus ar Ghaelcholáiste i Leitir Ceanainn agus bhí dúil mhillteanach agam sa Ghaeilge agus achan rud a tháinig léi – cultúr, féiniúlacht, oidhreacht agus pobal.

Screen Shot 2018-03-08 at 16.07.53

I rith na trí bliana gur chaith mé in DCU, bhain mé sult go háirithe as na ranganna praiticiúla a bhí agam. Bhí réimse leathan ábhar mar chuid den chúrsa agus mhothaigh mé gur céim fhiúntach a bhí ann.

Ní amháin go raibh muid ag foghlaim faoi litríocht agus stair na Gaeilge ach bhí iriseoireacht á mhúineadh dúinn, inár dteanga féin.

Le post a fháil sna meáin áfach, tá níos mó ná obair an tseomra ranga de dhith. Bhí an t-ádh orm gur fhreastail mé ar DCU agus go raibh cuid mhór deiseanna praiticiúla ar fáil san ollscoil.

Bhí mé i mo bhall gníomhach den ‘Media Production Society’, agus buaicphointe de mo chuid ama in DCU ná an bhliain gur chaith mé mar cheann de bhainisteoirí DCUfm. Bhí an iliomad deiseanna againn ar an ollscoil a bheith cruthaitheach agus taithí fiúntach a fháil sula rachadh muid amach sa domhan mhór.

Is tréimhse ar dóigh é blianta na hollscoile triail a bhaint as rudaí úra agus glacadh le cibé deis a thagann i do threo. Rud amháin gur fhorbair mé féin agus mo chara Éadaoin Nic Mhuiris agus muid in DCU ná cainéail YouTube s’againn. Chuir muid tús le cainéal lán-Ghaeilge s’againn ‘Tusa Tube’ sa chéad bhliain agus d’éirigh linn clár teilifíse do pháistí ar TG4 a fháil mar gheall air. Is fiú an obair sa bhreis!

D’obair mé ar chlár Bhláthnaid Ní Chofaigh ar Raidió na Gaeltachta i rith na tríú bliana agus chaith mé ceithre mhí le linn an tsamhraidh ansin ag obair leo mar chuid de INTRA.

Is fáth ann féin é INTRA le freastal ar DCU. Tá luach ollmhór le taithí a fháil san áit oibre a bhaineann le do chúrsa. D’fhoghlaim mé cuid mhór faoi ghairm an raidió, d’fhorbair mé mo chuid scileanna, fuair mé deiseanna iontacha ar nós ‘Cormac ag a Cúig’ a chur i láthair agus fuair mé an deis scéalta daoine iontacha a insint.

Is am ciotach é an tréimhse roimh duit do chéad phost a aimsiú.

Rinne mé neart agallamh i rith an tsamhraidh sin agus d’éirigh liom dhá phost a fháil!

Go lánaimseartha, tá mé ag obair anois mar fhísiriseoir leis an suíomh nuachta meoneile.ie i mBéal Feirste. Fosta, is tuairisceoir mé do Nuacht TG4 agus RTÉ i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath nuair atá bearna sa sceideal acu. Don chuid is mó oibrím daofa ag an deireadh seachtaine agus is iontach an deis í. Bhí mé i gcónaí ag iarraidh seal a chaitheamh a bheith i mo thuairsceoir nuachta agus is iomaí scéal beag agus mór atá clúdaithe agam le bliain go leith!

Tá taithí leathan faighte agam le Meon Eile. Mar fhísiriseoir bíonn ort achan rud a dhéanamh – scéalta a aimsiú, ceamradóireacht a dhéanamh, agallaimh a chur, físeáin a chur in eagar agus scéalta a scríobh. I gCúige Uladh a bhím don chuid is mó agus ní bhíonn aon lá cosúil lena gcéile.

Tá pobal na Gaeilge ann, tá a fhios againn uilig sin go maith agus nach iontach an pobal é? Nach bhfuil an t-ádh dearg ormsa mar sin go mbíonn an deis agam am a chaitheamh i gcuideachta na ndaoine sin go rialta, ardán a thabhairt do scéalta s’acu agus a bheith mar chuid den tseirbhís chraoltóireachta gur throid siad ar a son?

Is iontach an rud é éagsúlacht na meán. Chomh maith leis an dá phríomh phost atá agam, bím le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta go minic, tá clár agam ar Raidió Fáilte, bím ag vlagáil do BBC Gaeilge agus bíonn an oiread deiseanna eile thart orm.

Sna meáin bíonn an post deacair, strusmhar, lán brú ach fosta bíonn sé éagsúil, bríomhar, spreagúil, corraitheach ….

Cá bhfios go díreach caidé atá romhaim. Ba bhreá liom tuilleadh cur i láthair agus léiriú a dhéanamh amach anseo ach tá mé ag baint sult as an turas faoi láthair. Is breá liom a bheith ag obair sna meáin agus beidh mé buíoch go deo as an taithí agus na deiseanna a bhí agam in DCU a thug go dtí an áit ina bhfuil mé inniu.

 

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s