Meaisínfhoghlaim

 Le hEoghan Mac Conaill Óig

San aoi-léacht dheireanach den seimeastar labhair Dr Eoin Hurrell leis an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais faoin meaisínfhoghlaim.

Eoghan1

Seans nár chuala sibh an focal ‘meaisínfhoghlaim’ riamh cheana, ach tá gach seans go raibh tionchar aige oraibh am éigin i ngan fhios daoibh féin.

Ar tharla sé riamh gur mhol Netflix scannán daoibh a bhí díreach ceart?

Ar éirigh le Amazon leabhair nua a thairiscint daoibh, a bhí ag teacht le bhur gcuid ábhar spéise féin?

An bhfuil aithne beaganín rómhaith ag Facebook oraibh?

Má tá, is amhlaidh go raibh teagmháil agaibh cheana féin leis an meaisínfhoghlaim.

Tá an mheaisínfhoghlaim i measc na bhforbairtí teicneolaíochta is úire dá bhfuil againn. Séard a dhéanann sí ná patrúin a aithint ar bhealach cliste i mbunachair mhóra sonraí. Nuair a aimsíonn ríomhairí patrúin i sonraí móra, is féidir leo a bheith ag foghlaim uathu, rud a fhagann go mbíonn an meaisín ag éirí níos cliste an t-am ar fad.

Eoghan2

Tá rochtain ag ríomhairí an lae inniu ar na bunachair sonraí is mó a cruthaíodh riamh – an bailiúchán is mó patrún a taifeadadh riamh. Gach curadach a rinneadh riamh ar Google, gach postáil a thaitín le daoine riamh ar Facebook, gach rud a ceannaíodh riamh ar Amazon, gach scannán ar breathnaíodh riamh air ar Netflix, gach focal a aistríodh riamh ar líne, nó fiú gach turas a rinneadh le treoracha ó Google Maps. Tá taifeadadh déanta orthu sin uilig agus dá mhéad sonraí ar féidir le ríomhaire anailís a dhéanamh orthu, is ea is fearr atá aithne aige orainn.

Tá seantaithí againn anois ar na tascanna is simplí a bhaineann leis an meaisínfhoghlaim, mar shampla na scannáin nó na táirgí a mholtar dúinn ar shuíomh idirlín (Bíonn tionchar ag moltaí meaisínfhoghlamtha ar aon trian de na díolacháin a dhéantar anois ar Amazon). Baineann Google úsaíd aisti le do chuardach a thuar:

Eoghan3

A fhad is a bhíonn muidne ag Googláil linn, tá tionscal na meaisínfhoghlama ag dul ó neart go neart, agus a chuid algartam ag éirí níos cruinne agus níos cliste i gcónaí.

Bhí Facebook agus Cambridge Analytica go mór i mbéal an phobail le déanaí toisc gur úsáideadh algartaim meaisínfhoghlama le hanailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta úsáideoirí Facebook, chun próifíleanna a chrúthú dá bpearsantachtaí bunaithe ar na Cúig Thréith Mhóra Phearsantachta. Baineadh úsáid astu siúd le tionchar a imirt ar chinntí votála na n-úsáideoirí a bhí i gceist.

Tá Tesla agus gnólachtaí eile gluaisteán ag baint úsáid as an meaisínfhoghlaim chun gluaistéain gan tiománaithe a fhorbairt. Baintear úsáid as braiteoirí ar an ngluaistéain chun cuimhní digiteacha a chrúthú de na turais a dhéantar. Nuair a chuirtear sonraí GPS leis na cuimhní seo, cuirtear ar chumas an ghluaistéain a bhealach a aimsiú gan duine ar bith a bheith taobh thiar den roth stiúrtha.

I gcomhthéacs an chúraim sláinte, tá úsáid bainte as an meaisínfhoghlaim le hobráidí róbataice a dhéanamh, le diagnóis a dhéanamh ar ghalair agus le pacáistí cúram sláinte a mholadh don úsáideoir.

córas creidiúintí sóisialta á fhorbairt ag Rialtas na Síne, a bhaileoidh gach cineál eolais (m.sh. cúrsaí sóisialta, airgid, sláinte, taistil, coiriúlachta, srl.) faoi shaoránaigh na tíre le chéile in aon chóras amháin.  Bainfear úsáid as algartaim meaisínfhoghlama le hanailís a dhéanamh ar an mbunachar sonraí ollmhór seo, chun ‘rátáil iontaofachta’ a thabhairt do gach saoránach.  Beidh tionchar ag an rátáil iontaofachta seo ar an gcead a bheith acu ithe i mbialanna áirithe, iasachtaí a fháil ón mbanc, úsáid a bhaint as an gcóras iompair phoiblí nó taisteal thar lear.

Anuas air sin, meastar go mbeidh 47% de phoist sna Stáit Aontaithe i mbaol sna blianta amach romhainn mar gheall ar an uathoibriú a bhainfidh leis an meaisínfhoghlaim.

Agus fás ag teacht ar na bunachair sonraí atá ar fáil agus ar chumas na meaisínfhoghlama, tá fás ag teacht freisin ar an bhfeasacht atá againn ar na himpleachtaí eitice a bhaineann leis na teicneolaíochtaí seo. Chuige sin, tá an tAontas Eorpach ag seoladh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR). Is rialacha nua éigeantacha iad seo maidir le bailiú agus próiseáil sonraí daoine. Tá go leor taighde ar siúl ag ollscoileanna anseo in Éirinn, go háirithe anseo in DCU ar an meaisínfhoghlaim agus ar na ceisteanna eitice a bhaineann léi.

Ardaíonn an mheaisínfhoghlaim go leor ceisteanna. Céard atá i ndán don mhargadh fostaíochta? Conas is féidir sonraí pearsanta an phobail a phróseáil ar bhealach eiticiúil? An linn féin na cinntí a dhéanann muid, nó an bhfuil coráis dhigiteacha ag imirt tionchar orainn i ngan fhios dúinn féin? Ar cheart dúinn glacadh leis an meaisínfhoghlaim, chun séirbhisí poiblí a fheabhsú? Conas is féidir feasacht a ardú faoin meaisínfhoghlaim mar chuid den chorás oideachais? Ar cheart dúinn tarraingt siar beaganín ó chuid de na teicneolachtaí seo?

Ba cheart go mbeadh sé soiléir daoibh ag an bpointe seo gur ábhar uilíoch é seo agus nach leis an ríomheolaíocht amháin a bhaineann sé. Mar a dúirt Olivier Klein, ceannaire na dteicneolaíochtaí úra in Amazon, le déanaí, “machine learning is the new normal”.

Geallaim daoibh go gcloisfidh sibh go leor eile faoin meaisínfhoghlaim sna míonna agus sna blianta amach romhainn.  Molaim daoibh súil a choinneáil ar an dul chun cinn a dhéanfar sa réimse seo, go háirithe mar gheall ar an dlúthbhaint atá aige le forbairt na hintleachta saorga.

Lean an obair atá ar siúl ag Dr Eoin Hurrell @eoinhurrell agus @CohortHQ.

Le hEoghan Mac Conaill Óig, léachtóir le Gnó in Fiontar & Scoil na Gaeilge. (eoghan.mcconalogue@dcu.ie nó @macconailloig ar Twitter)

Ní chruinníonn cloch reatha caonach

Le hEoghan Mac Conaill Óig

An duine atá doicheallach roimh athruithe, an duine a chloíonn leis an seanrud céanna i gcónaí, an duine nach bhfuil sásta fás agus forbairt, ní fada a mhairfidh sé.  Sin a mhaígh an ceannaire airm neamhchloíte, Sun Tzu, ina leabhar iomráiteach, The Art of War, breis is 2000 bliain ó shin.

FullCircle1
Caife agus Sun Tzu

Cuireadh béim ar an tábhacht seo a bhaineann leis an tsolúbthacht agus leis an toilteanas athrú i bpíosa cainte faoin mbainistíocht straitéiseach a thug Dave Smyth, úinéir agus bunaitheoir Ebb & Flow Coffee agus Full Circle Roasters don rang MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le déanaí.

Bíonn pleananna straitéiseacha againn inár saol féin go minic.  I gcás Dave, mar shampla, roinnt blianta ó shin, bhí sé ag obair mar innealtóir sibhialta, ach ba é mian a chroí i gcónaí é go mbeadh sé féinfhostaithe lá breá éigin.  Nuair a thosaigh an cúlú eacnamaíochta, thapaigh Dave an deis filleadh ar an ollscoil agus céim mháistreachta a bhaint amach sa bhainistíocht ghnó.  Le linn na tréimhse sin, d’fhorbair Dave líonra a thug an misneach dó an sprioc sin a bhaint amach.  Thosaigh sé ag obair mar chomhairleoir gnó agus fuair sé conarthaí le comhlachtaí ar nós Microsoft.  Choinnigh sé a shúile agus a chluasa ar oscailt, agus nuair a tháinig deis aníos le gnó caife a bheith aige, bheartaigh sé dul sa tseans agus an deis a thapú.  Bhí a mhian bainte amach aige ar deireadh.  Bhí sé féinfhostaithe.  Mar a dúirt sé féin, bhí sé tar éis teacht Full Circle.

Inniu, tá an gnó ag plé le 12 díoltóir, ar nós Fallon & Byrne.  Tá siopa caife amháin aige agus ceann eile ar na bacáin.  Agus tá cáil bainte amach aige mar chomhairleoir do thionscnaimh nua eile atá ag iarraidh briseadh isteach sa mhargadh.  Cé na ceachtanna is féidir a fhoghlaim uaidh seo?

Ach an oiread lena scéal pearsanta, tá an tsolúbthacht agus an toilteanas athrú lárnach i scéal gnó Dave. Go luath sa scéal sin, bhí plean ag Dave agus ag a pháirtí gnó an dara siopa caife a oscailt, ach bhí orthu tarraingt amach nuair a chonacthas dóibh go raibh an plean ró-uaillmhianach róluath.  Thug sé seo orthu athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis an ghnó agus ar an ráiteas misin a bhí acu.  Ba róstóirí iad ar an gcéad dul síos, agus bhraith siad gur cheart dóibh díriú air sin le linn na tréimhse tosaigh sin. Trí bheith ag díriú ar luach an ghnó ar an gcaoi sin, bhí siad in ann díriú ar chroí-láidreachtaí an chomhlachta a fhorbairt.

Agus tuiscint níos soiléire acu ar a ráiteas misin, thosaigh Dave agus a pháirtí ag tabhairt lámh chúnta dá gcuid iomaitheoirí. Bhí comhlachtaí nua ag teacht ar an margadh agus bhí comhairle agus treoir ag teastáil uathu. In ionad dul san iomaíocht leis na comhlachtaí nua seo, bheartaigh Dave agus a pháirtí cabhrú leo. Mar a duirt sé féin – a rising tide lifts all boats!

Is cosúil gurbh é an cinneadh ceart é. De réir mar a shín siadsan lámh chúnta i dtreo na n‑iomaitheoiri, bhí an cúnamh céanna ar fáil i gcónaí do Ebb & Flow agus do Full Circle Roasters nuair a bhí sé ag teastáil. Má bhí inneall róstala as feidhm, thángthas i gcabhair orthu. Má bhí léargas margaidh ag teastáil, bhí sé ar fáil. Ní haon ionadh é go bhfuil cultúr seo na cómhalartachta (reciprocity) tar éis dul chun sochair dóibh. Tá sé léirithe ag Tamir et al. (2011) tríd an scanadh néareolaíoch, go gcuireann an chómhalartacht le leibhéal an dopaimín san inchinn, rud a fhágann gur straitéis fhiúntach ghnó atá ann.

Síltear go minic gur ealaín dhorcha í an straitéis sa chaoi is gur beag duine a n-éiríonn leo tuiscint ná máistreacht a fháil uirthi.  Is trua le Henry Mintzberg, scoláire mór le rá ar chúrsaí straitéise, an bhéim a chuirtear go minic ar an mionanailís straitéiseach, agus ar a laghad aitheantais a thugtar don chruthaitheacht agus don tsolúbthacht. Maíonn seisean gur cheart don straitéis macalla a dhéanamh ar an ngnáthshaoil.  Is eiseamláir de seo é scéal Dave agus an rath atá ar Ebb & Flow agus ar Full Circle Roasters: is féidir linn ar fad a bheith ag athrú; is féidir linn ar fad díriú ar ár gcuid spriocanna agus is féidir linn ar fad tairbhe a bhaint as an gcómhalartacht.  Is féidir leis an ngnáthphobal agus le lucht an ghnó foghlaim uaidh seo.

FullCircle2.png
Dave Smyth agus cuid den MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais

Lean an obair atá ar siúl ag Dave @daviesmyth 

Le hEoghan Mac Conaill Óig, léachtóir le Gnó in Fiontar agus Scoil na Gaeilge. (eoghan.mcconalogue@dcu.ie nó @macconailloig ar Twitter)

Lámhscríbhinn Ghaeilge i mBostún

The Gallagher family commonplace book: Scéal na lámhscríbhinne

An Dr Pádraig Ó Liatháin

Thugas caint in ollscoil Harvard i mBostún ag tús Dheireadh Fómhair, agus a fhad is a bhíos sa chathair álainn sin, bhí an deis agam cuairt a thabhairt ar Boston College, áit a bhfuil leabharlann John J. Burns, ceann de na leabharlanna is fearr i Meiriceá Thuaidh don Léann Éireannach. Tá 14 lámhscríbhinn Ghaeilge i seilbh na leabharlainne, agus is san ochtú agus sa naoú céad déag a scríobhadh formhór na lámhscríbhinní seo.

Burnsmemorial.jpg
Leabharlann John J. Burns

Nuair a bhíos ansin, tháinig leabharlannaí chugam le seanleabhar ar a thug sí “An Gallagher family commonplace book” (leabhar sléachtanna bunúsacha). D’iarr sí orm sracfhéachaint a chaitheamh air toisc nach bhfuil léann na lámhscríbhinní ar éinne san ollscoil sin faoi láthair.  Tá an lámhscríbhinn shuntasach seo i seilbh Boston College le tamall beag, ceannaithe ó dhíoltóir leabhar uathúil.

De réir gach dealraimh, tosaíodh an lámhscríbhinn i gContae Dhún na nGall sa dara leath den ochtú céad déag, agus cuireadh léi thar na glúntaibh trasna an Atlantaigh i gcathair Nua-Eabhrac, anuas go dtí deireadh an naoú céad déag. Is i nGaeilge atá formhór na lámhscríbhinne seo scríofa, ach tá sleachta Laidine agus Béarla ann chomh maith. Tá an pheannaireacht inti slachtmhar agus soléite den chuid is mó, le roinnt leideanna de chanúint Uladh sa ré Iar-chlasaiceach.

Príomhscríobhaí na lámhscríbhinne seo ná fear darb ainm Charles Gallagher, dochtúir leighis, ach tá sínithe eile ann chomh maith, ina measc Hugh Reilly as Béal Átha Seanaidh i gContae Dhún na nGall, agus luaitear logainmneacha eile sa chontae céanna.

bostoncollege

Blas ar a bhfuil sa lámhscríbhinn:

Scéalta próis agus aistí filíochta is mó atá inti, agus is díol suntais go leor acu. Mar shamplaí den phrós, tá an scéal Artúrach ón 15ú haois, Eachtra An Mhadra Mhaoil, tá na scéalta Fiannaíochta Feis Tí Chonáin agus Bruíon Céise Corainn, agus an scéal grinn Ultach ón 17ú céad Mac na Míchomhairle. Ó thaobh na filíochta de, an ceann is suntasaí ná an dán polaitiúil ‘Tuireamh na hÉireann’, ar ceann de na haistí is tábhachtaí sa chanóin atá againn í, dán a ghlac áit Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn de réir a chéile sa traidisiún cóipeála.

 Tá a thuilleadh sa lámhscríbhinn a bhaineann le heolas pearsanta ar mhuintir Uí Ghallachóir: básanna agus breitheanna clainne agus gaolta leo sa dá thír, foirgnimh ar leo iad i Nua Eabhrac, uachtanna, agus fiú oidis ar conas béilte breátha a réiteach!

Braithim go raibh an t-ádh dearg orm an lámhscríbhinn seo, a bhí i seilbh phearsanta ar feadh i bhfad, a aimsiú agus a scagadh. Tá rún agam filleadh ar Bhostún an bhliain seo chugainn lena thuilleadh taighde a dhéanamh, agus tá maoiniú faighte agam ó choiste taighde DCU len é sin a dhéanamh.  Tabharfaidh an lámhscríbhinn seo léas dúinn, ní hamháin ar shaíocht na Gaeilge, agus ar thraidisiún liteartha Dhún na nGall, ach ar Ghaeil-Mheiriceánacha Nua-Eabhrac thar chúpla céad bliain, daoine a raibh sé tábhachtach dóibh an nasc leis an tír is an teanga dhúchais a choimeád beo.

20171005_163922.jpg
An Dr. Pádraig Ó Liatháin, in Ollscoil Harvard.

 

Suíomh nua dúchas.ie agus Bailiúchán Grianghraf seolta ag Joe McHugh T.D.

Sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., suíomh athdheartha dúchas.ie agus leagan digitithe de Bhailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann ag ócáid i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar an 26 Meán Fómhair.

Screen Shot 2017-10-17 at 16.49.22

Rinneadh suíomh nua a dhearadh le freastal ar na hacmhainní agus feidhmeanna breise a cuireadh le suíomh dúchas.ie ó seoladh den chéad uair ag deireadh 2013 é. Is é an Bailiúchán Grianghraf an acmhainn is déanaí a cuireadh leis an suíomh. Tá c.10,000 grianghraf ón gCnuasach digitithe, catalógaithe agus curtha ar fáil ar dúchas.ie. Baineann cuid mhaith de na grianghraif le tús an fichiú haois agus tá grianghraif ann a thóg idir ghrianghrafadóirí gairmiúla, bhailitheoirí Choimisiún Béaloideasa Éireann agus daoine eile. Tá na grianghraif rangaithe de réir 14 ábhar a chlúdaíonn féilte, toibreacha beannaithe, lonnaíocht, an pobal, cluichí & caithimh aimsire agus bailiú an bhéaloidis, ar ndóigh, agus go leor eile.

C016.01.00011

(Foinse: https://www.duchas.ie/en/cbeg/35581)

Tá obair an Choimisiúin le brath i ngrianghraif de scéalaithe mór le rá ar nós Seán Ó Conaill, Peig Sayers agus Tomás Ó Criomhthain. Chomh maith leis sin, tá bailiúchán breá grianghraf a thóg Michael J. Murphy le linn dó bheith ag bailiú béaloidis go háirithe i gCo. Aontroma, Ard Mhacha agus Lú. Cé gur fíor a rá go bhfuil béim ar leith ar shaol na tuaithe ní dhearnadh faillí i mbailte agus i gcathracha na tíre. Baineann formhór na ngrianghraf uirbeach le Baile Átha Cliath agus go háirithe le tionscnamh bailithe béaloidis a tharla i dtús na 1980idí. Tá taifead spéisiúil déanta de na daoine, de na háiteanna agus de ghnéithe éagsúla de shaol na hardchathrach.

Dr Katie Ní Loingsigh, Eagarthóir Taighde

 

San Nioclás, Bingo, Síóga agus an Grinch

BA Gnó agus Gaeilge

Bainimid leas as go leor bealaí éagsúla le cumas na mac léinn a thomhas anseo in Fiontar, DCU. Cé go mbíonn ar na mic léinn cúpla scrúdú a dhéanamh is trí thionscadail phraiticiúla is mó a thugaimid deis dóibh a gcumas a léiriú dúinn. Bíonn áthas ar leith ormsa nuair a bhíonn daoine eile in ann leas a bhaint as na tionscadail sin. Le dhá bhliain anuas mar chuid den mhodúl Bainistíocht Tionscadail ar an BA Gnó agus Gaeilge, bheartaigh na mic léinn ar fad sa rang tabhairt faoi thionscadal tiomsaithe airgid. D’eagraigh siad ar fad imeachtaí le hairgead a bhailiú d’eagraíochtaí carthanais a roghnaigh siad féin. Bhí mise in ann comhairle a chur orthu ag gach staid den phróiseas – ó eagraíocht charthanais agus imeacht a roghnú, tacaíocht a fháil ó dhaoine agus ó eagraíochtaí eile, go riaradh rathúil an tionscadail agus an t-airgead a thabhairt don eagraíocht charthanais féin. Chuir na mic léinn comhairle ar a chéile freisin. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Bhí siad in ann a cleachtadh a fháil ar choincheapa agus uirlisí i mbainistíocht tionscadail a chur i bhfeidhm. Cad is fiú foghlaim conas peil a imirt ó fhíseán mura ndéanann tú iarracht peil a imirt tú féin! Nach iontach a bheith in ann amhrán a chanadh chomh maith le bheith in ann ceol a léamh!

I mbliana bhí mé an-tógtha le cuid de na tionscadail agus na hiarrachtaí a rinne na mic léinn. Thug San Nioclás cuairt ar ionad siopadóireachta Bhaile Munna le féiríní a bhronnadh ar pháistí óga. Rinne comhlachtaí áitiúla ar nós Speedpak agus Pháirtnéireacht Bhaile Munna agus Fhionnbhrú urraíocht ar na féiríní. Bhronn Sarah-Louise Moran breis agus €300 ar Robyn’s Life Trust.

Chuaigh Cáit Baxter níos faide ó bhaile – go Sligeach. D’eagraigh sí oíche Bingo le duaiseanna urraithe ag siopaí i mbaile Shligigh. Bhí Cáit in ann breis agus €600 a bhronnadh ar an St Vincent de Paul i Sligeach.

Bhí an-spraoi ag Shauna Ní Bhraonáin agus a cairde i gCeatharlach. Ag tús mhí na Nollag chuir an ‘Grinch’ sióga a bhí gléasta i nglas agus dearg faoi ghlas i bpríosún i lár an ionaid siopadóireachta. Chaith na sióga an tráthnóna ag impí ar dhaoine airgead a íoc chun iad a shaoradh. Faoi dheireadh an lae agus scornach thinn ar na sióga agus iad ar fad tar éis an lá a chaitheamh ag éalú ón bpríosún agus ag dul ar ais isteach sa phríosún, bhí Shauna in ann breis agus €700 a bhronnadh ar Éist, eagraíocht charthanais i gCeatharlach a bhaineann le hailse.

BA Gnó agus Gaeilge

Thug mé féin dúshlán don rang. Dá mhéad an tsuim airgid a thiomsódh siadsan is ea is mó a thabharfainnse dóibh. Faoi dheireadh an tseimeastair bhí breis agus €2,200 tiomsaithe againn agus tugtha do charthanachtaí éagsúla ar fud na tíre. Ní amháin gur fhoghlaim an rang faoi bhainistíocht tionscadail, ach bhí deis acu na teoiricí a chur i bhfeidhm agus tacú le hobair thábhachtach na n-eagraíochtaí carthanais. Tugann sé sin ar fad sásamh ar leith domsa agus mé ag obair mar léachtóir anseo in Fiontar.

Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar
Emer Ní Bhrádaigh, Léachtóir le Fiontar, DCU

 

Na Gaeil Óga

Na Gaeil Óga
Na Gaeil Óga

Cloistear daoine óga, scaití, ag gearán nach dtugtar deis dóibh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus iad taobh amuigh den seomra ranga. ‘Cén mhaith,’ a deir siad, ‘an oiread sin ama a chaitheamh le foghlaim na teanga nuair nach féidir í a úsáid agus tú amuigh go sóisialta nó sa láthair oibre?’

Muise, an ceart acu. Fiú an té a bhfuil an Ghaeilge go paiteanta aige ag fágáil na scoile dó, ní bheidh sí i bhfad ar a thoil aige mura labhraíonn sé í go rialta. Cabhair mhór é, ar ndóigh, go mbíonn rochtain ag daoine ar na meáin Ghaeilge, leithéidí Raidió na Gaeltachta agus TG4. Ach más maith ann iad, is cinnte nach leor iad.

Ní haon amaidí an ráiteas ‘beatha teanga í a labhairt’. Ach cén áit – taobh amuigh den Ghaeltacht – a bhféadfadh duine gnáthshaol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge?

Ní ag caint ar Ghaeilgeoirí gairmiúla atá mé, daoine (ar nós mé féin) atá ag obair in earnáil na teanga nó mic léinn Ghaeilge sna coláistí tríú leibhéal. Ní hea, a mhic ó, ach na daoine ar dochtúirí nó teicneoirí ríomhaire iad cuir i gcás ar leasc leo a gcumas Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí ar fhágáil na scoile dóibh.

Cúis dóchais é, b’fhéidir, gur shocraigh cuid de na mic léinn in Fiontar – mar aon le daoine ón taobh amuigh – pobal dá gcuid féin a chruthú i 2010 a thabharfadh deis dóibh an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs eile seachas an saol acadúil.

Club peile a bhí i gceist agus bhaist siad ‘na Gaeil Óga’ (GÓ) orthu fein. Más fíor go mbíonn gach tús lag, b’amhlaidh a bhí an scéal i gcás na mar is ar éigean gur éirigh leo cluiche ar bith a bhuachan i rith a gcéad shéasúir. Lean siad orthu, áfach, ag traenáil (agus ag gaeilgeoireacht!), beag beann ar na torthaí ar pháirc na himeartha.

Na Gaeil Óga
Na Gaeil Óga i mbun traenáil

Agus is ag dul ó neart go neart atá an club ó shin. Tá ceithre fhoireann ag na i mbliana – dhá fhoireann peile fear (A agus B), foireann peile ban agus foireann iománaíochta. Lena chois sin, d’éirigh leis na fir A agus leis na mná ardú céime sa tsraith a fháil anuraidh.

Meascán d’imreoirí ó Bhaile Átha Cliath ach a tógadh le Gaeilge agus daoine as na Gaeltachtaí (Conamara, na Déise etc.) agus cónaí orthu anois sa phríomhchathair mar aon le mic léinn agus iarmhic léinn DCU agus coláistí tríú leibhéal eile atá i gceist.

Beidh na Gaeil Óga, an t-aon chlub peile/iománaíochta lán-Ghaeilge i mórcheantar BÁC nó taobh amuigh den Ghaeltacht, in iomaíocht i gComórtas Peile na Gaeltachta arís i mbliana, comórtas a bheidh ar siúl i Maigh Cuilinn i mí an Mheithimh.

Ná habair feasta gur don seomra ranga amháin í an Ghaeilge. Agus a bhuíochas sin, go pointe áirithe, do mhic léinn Fiontar!

Fiontar DCU
PJ Mac Gabhann, Eagarthóir Taighde, Fiontar DCU

Fiontraíocht Shóisialta

Chaith mé an tseachtain seo caite thall in Rhode Island, Stáit Aontaithe Mheiriceá ag freastal ar chomhdháil Ashoka U Changemaker Campus. Tugann sé ardú meanman dom i gcónaí am a chaitheamh le daoine eile atá ag plé le fiontraíocht shóisialta ar champais ollscoile.

Is éard atá i gceist le fiontraíocht shóisialta ná scileanna na fiontraíochta a úsáid le dul i ngleic le fadhb shóisialta éigin. Bíonn fiontraithe cruthaitheach agus nuálaíoch; tugann siad fadhbanna agus deiseanna faoi deara; oibríonn siad amach conas réiteach a fháil ar fhadhbanna; bíonn siad in ann daoine eile a mhealladh le cabhrú leo. Ceistíonn siad an status quo agus cruthaíonn siad eagraíochtaí nua le táirgí nó seirbhísí níos fearr a chur ar fáil. Uaireanta is táirgí nua ar nós Folláin nó seirbhísí nua ar nós SnapChat a bhíonn i gceist. Ach amanna eile is eagraíochtaí cultúir nó pobail iad ar nós Oidhreacht Chorca Dhuibhne  nó  Gaelchultír. Sin dhá eagraíocht atá ann le tamall, agus is céimí de chuid Fiontar, Darren Ó Roadaigh a chomhbhunaigh Gaelchultúr siar i 2005.

An rud a thugann sásamh ar leith domsa ná na fiontair shóisialta atá bunaithe ag mic léinn de chuid Fiontar mar chuid den BA Gnó agus Gaeilge. Anuraidh bhunaigh Liam Redmond HeadstARTS, eagraíocht a chuireann clubanna agus comórtais ealaíne ar fáil do dhaoine le míchumais intleachtúla.  An bhliain roimhe sin bhunaigh Daithí de Buitléir agus Rónán Ó Dálaigh RAG Ireland, cumann atá anois ag feidhmiú in 8 n-institiúid tríú leibhéal. Eagraíonn RAG imeachtaí tiomsaithe airgid (fundraising) ar champais ollscoile. Bhí Rónán i mbliain a dó nuair a bhunaigh siad RAG agus tar éis dó bliain a chaitheamh ar thaithí oibre in Unilever, tá sé ar ais i mbliain na céime anois agus ag tabhairt faoi phlean gnó do chúpla fiontar sóisialta a bhaineann le leabhair athláimhe agus le bia áitiúil. Mar a rinne Liam agus Daithí roimhe, tá Rónán ag obair ar an tionscadal sin mar chuid dá chéim agus mar chuid de chumann Enactus DCU. Seo comórtas idirnáisiúnta ina mbíonn deis ag mic léinn ollscoile fiontair shóisialta a bhunú agus a fhás, ag cruthú sochaí níos fearr dúinn ar fad. Bhuaigh foireann DCU, le fiontair Liam, Dhaithí agus Rónáin comórtas na hÉireann le dhá bhliain anuas, rud a thug muid go Washington in 2012 agus go Cancún in 2013.

Fiontar

Tá mise ag tabhairt tacaíochta do Rónán agus d’fhoireann na bliana seo agus muid ag fad ag tnúth leis go mbeidh an bua againn. Cé gurb é an phríomhaidhm a bhíonn agam ná scileanna fiontraíochta na mac léinn a fhorbairt ba bhreá liom a bheith ag Corn Domhanda Enactus 2014 in Beijing!

Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar
Emer Ní Bhrádaigh, Léachtóir le fiontraíocht Fiontar DCU