Gníomhaíochtaí Spóirt do mhic léinn i DCU

Le Niall Mac Fheorais, mac léinn ar an BA Gnó agus Gaeilge, Fiontar, DCU

Niall-Bermingham (1)

Is mise Niall Mac Fheorais, táim 20 bliain d’aois agus faoi láthair táim ag déanamh staidéir ar an gcúrsa, BA Gnó agus Gaeilge anseo le Fiontar, DCU. Tá an-suim agam in achan spórt go háirithe an rugbaí. Táim mar bhall den chumann rugbaí anseo in DCU. Táim ag imirt rugbaí ó aois an-óg le mo chlub áitiúil, Contae Cheatharlach ach chomh maith leis sin imrím leis an bhfoireann anseo i DCU. Is iontach an rud rugbaí a imirt leis an gcoláiste ach an rud is fearr faoi ná, ag bualadh le daoine nua agus ag cruthú cairdis leo.

An rud is mó a d’fhoghlaim mise ón am a thosaigh mé anseo i DCU ná nach áit é an coláiste gurb é an staidéar an t-aon rud a bhíonn ar siúl. Sea, tá sé fíorthábhachtach, ach tá liosta an-fhada de rudaí gur féidir leat a dhéanamh taobh amuigh den rang chomh maith. Tá club nó cumann do gach uile dhuine.

Nuair a thosaigh mé sa choláiste, theastaigh uaim spórt nua a imirt, chun píosa craic a bheith agam agus ar deireadh, roghnaigh mé friosbaí. Ba shlí iontach é bualadh le daoine, dul amach san aer fuar agus chomh maith leis sin píosa craic a bhí ann.

Molaim do gach duine a bheith mar bhall de chlub nó cumann éigin. Mar atá ráite agam cheana is slí iontach é bualadh le daoine agus chomh maith leis sin tá sé deas triail a bhaint as rud éigin nua.

 

Deireadh ré, tús ré.

Le Ronan Ó Dálaigh, Iar mhac léinn BA Gnó agus Gaeilge, Fiontar DCU

Ronan Ó ~Dálaigh
Ronan Ó Dálaigh ag fáil bonn an tSeansailéara ag bronnadh na gcéimeann 2014

Tar éis ceithre bliana a chaitheamh le Fiontar, DCU. Ceithre bliana mar chuid de phobal. Ceithre bliana lán d’fhoghlaim, d’fhorbairt phearsanta, de chraic agus chairdeas. Bronnadh céim orm. BA Gnó agus Gaeilge. Ba mhór an ócáid é, go háirithe toisc gur bronnadh Bonn an tSeansailéara orm. Ach thar aon ní eile, smaoiním ar an tionchar a d’imir DCU orm.

Ronan Ó Dálaigh

Ní hamháin go bhfuil tuairimí éagsúla agam ar an saol agus ar an tsochaí ach tá tuairimí éagsúla agam orm féin, mo chuid luachanna agus spriocanna. Anuas air sin tá an domhan mórthimpeall orm athraithe go mór: bhí deis agam páirt a ghlacadh i mbunú club CLG Na Gaeil Óga agus dá bhrí sin tá saol sóisialta éagsúil agam. Bhunaigh mé mo chuideachta féin www.sedco.ie (maith dom an mhargaíocht), a chiallaíonn go bhfuil mo shlí bheatha bunaithe ar m’eispéireas in DCU.

Is cinnte nach mbeidh faic de sin tarlaithe murach DCU. Fiafraím díom féin, cad is cúis leis an tionchar seo? Conas go bhfeadfadh ollscoil a leithéid de thionchar a imirt ar dhuine!? Feictear dom go bhfuil pobal den chéad scoth in DCU agus gurb é sin an tionchar is mó. Is iad na cairde, an spraoi, na caidrimh agus na nascanna na rudaí is suntasaí agus is sofheicthe faoin bpobal. Ach faoi bhun an dromchla tá dinimic chumhachtach ag gníomhú. Mar gheall ar an bpobal láidir mothaíonn mic léinn mar chuid de ghrúpa atá cosúil leo agus atá ag guí rath orthu. Dá bhrí sin bíonn siad níos sásta triail a bhaint as rudaí nua, rioscaí a ghlacadh agus dul i mbun aistear foghlamtha. An toradh atá air sin ná féin-fhorbairt. Toisc na n-eispéireas nua, cairde nua, dúshlán nua, díospóireachtaí nua, agus smaointí nua ardaíonn féin-mhuinín na mac léinn. Bíonn féiniúlacht níos daingne acu. Tagann an dinimic seo chun cinn i ngníomhaíochtaí na mac léinn. Tiomsaíonn mic léinn DCU na mílte euro in aghaidh na bliana ar son carthanas, bunaíonn siad cuideachtaí, glacann siad páirt i gcúrsaí polaitíochta agus, mar chuid den dinimic chéanna, bíonn ragús óil agus gníomhaíochtaí diúltacha eile mar nósanna acu. Sin cumhacht an phobail: féiniúlacht duine a stiúradh agus iad ag cur ag gníomhú bunaithe air sin.

Thar na blianta d’éirigh le DCU barr feabhais a bhaint amach ó thaobh dea-phobal a chur chun cinn agus a dhaingniú (den chuid is mó) agus tá mé dóchasach go leanfaidh sé seo ar aghaidh; go gcuirfear tuilleadh béime ar thábhacht na ngníomhaíochtaí seach-churaclaim; nach ligfear le meoin nó polasaí nualiobrálach an ruaig a chur ar an dul chun ar fad agus go rachaidh céatadáin níos airde mac léinn i mbun aistear foghlamtha agus féin-fhorbartha. Gabhaim buíochas leo siúd a leag síos an chreatlach os mo chomhair agus táim bródúil as a ndearna mé chun a lorg a leanúint.

Bronnadh na gCéimeanna Fiontar DCU

Ábhar nua trí Ghaeilge

Le Jennifer Purcell, Mac Léinn BA Gnó & Gaeilge, Bliain 1, Fiontar, DCU

BA Gnó & Gaeilge
Jennifer Purcell, Mac Léinn Bliain 1 ar an BA Gnó & Gaeilge

Nuair a chloiseann go leor daoine go bhfuil mé ag déanamh an BA Gnó agus Gaeilge is léir óna n-aghaidh go mbíonn an-mhearbhall orthu. Ní fhéadfadh an chuid is mó mac léinn iad féin a shamhlú ag déanamh staidéir ar aon chúrsa trí Ghaeilge. Sa lá atá inniu ann fágann an chuid is mó daoine an Ghaeilge ina ndiaidh nuair a chríochnaíonn siad scrúduithe na hArdteiste ag tús mí Meitheamh. Ach dom féin, bhí an-spéis agam leanúint ar aghaidh ag labhairt agus foghlaim trí Ghaeilge, ár dteanga dhúchais. Páirt mhór de mo shaol is ea an Ghaeilge agus beidh i gcónaí.

I dtús báire ní raibh mé riamh cinnte go mbeinn inann mé féin a chur in oiriúint do gach rud a fhoghlaim trí Ghaeilge, go háirithe na modúil deacra ar an gcúrsa, mar shampla eacnamaíocht. Is athrú mór é ag foghlaim na n-ábhair nua seo agus ag an am céanna ag iarraidh a dhéanamh cinnte go dtuigim an Ghaeilge go hiomlán. D’éirigh sé níos éasca tar éis roinnt seachtainí. Táim i mo chúigiú seachtain ag déanamh an BA Gnó agus Gaeilge agus táim ag an bpointe anois nuair a bhím i léachtaí agus déanaim dearmad go bhfuilim fiú ag labhairt teanga eile.

Táim ag baint sult as na modúil éagsúla, tá siad an-shuimiúil, bíonn na modúil Ghaeilge ag cabhrú chun snas a chur ar mo chuid Gaeilge scríofa. Is rang beag go leor é an BA Gnó & Gaeilge, mar gheall ar sin tá sé níos éasca aithne a chur ar gach duine ar an gcúrsa agus bíonn sé i bhfad níos easca caint leis na léachtóirí sa rang.

Go dtí seo tá mé ag baint sult as an gcúrsa i ndáiríre agus as an athrú ó bheith ag foghlaim i mBéarla go bheith ag foghlaim i nGaeilge.

BA Gnó & Gaeilge
Jennifer agus a cairde ag an Freshers Ball, DCU

Táim i mo bhall den Chumann Gaelach anois agus bhí am iontach agam i gClub an Chonartha an tseachtain seo caite ag baint taitnimh as an gcraic agus ceol! Táim ar bís faoi cad atá i ndán dom i mbliana.

 

 

Mo Chéad Seachtain i DCU

Le Cáit Ní Cheallacháin, Mac Léinn Gaeilge & Iriseoireacht, Bliain 1, Fiontar, DCU

Tháinig mé go dtí an ‘Big Smoke’ le níos mó málaí i mo lámha ná ciall i mo cheann. Ní raibh aithne agam ar éinne. Cinnte, bhíos ar bís chun tús a chur leis an ollscoil, ach ag an am céanna, bhí mé thar a bheith buartha. Bhuail mé leis na cailíní i mo sheomra, agus buíochas le Dia, bhí siad go han deas ar fad. Tús maith, leath na hoibre, mar a deirtear.

1896880_10203174673987228_109298897906784543_n

Shiúil mé isteach go dtí an Helix. Ar an mbealach, bhí go leor iar-mhac léinn ann chun fáilte a chur romhainn. Bhí go leor fuinnimh acu, agus chuir siad mé ar mo shuaimhneas. Bhí cuid acu as a meabhair leis an mbeocht! Mar sin, lean mé ar aghaidh, ag iarraidh gach rud a thógáil isteach. Bhí aghaidheanna eile thart timpeall orm, a bhreathnaigh cosúil liomsa, neirbhíseach, agus sceitimíneach. Nuair a tháinig mé isteach, baineadh geit asam! Bhí an halla dochreidte mór. Bhí mic léinn gach áit ag caint agus ag comhrá. Bhí atmaisféar leictreach ann, agus bhí mé ag iarradh cairde nua a dhéanamh.

Thosaigh daoine difriúla ag caint linn, ar nós an Uachtaráin Brian MacCraith, an duine i gceannas ar Aontas na Mac Léinn, Kenneth Browne, na daoine i gceannas ar an tsábháilteacht, Garda, Ronan O’Domhnaill, agus cainteoirí eile, dar ndóigh. Thug siad go léir píosaí eolais difriúla dúinn faoi shaol an mhic léinn, agus an tábhacht a bhaineann leis na cumainn agus clubanna difriúla thart timpeall ar an gcoláiste.

10717785_10203170965654522_577164945_n

An lá dar gcionn, bhuail mé le mo chuid léachtóirí i Fiontar, DCU agus bhí siad go léir go han deas agus fáilteach. Bhí sé soiléir go raibh siad ag súil le heachtraí na bliana atá le teacht. Mhol siad dúinn bheith i láthair, agus mhínigh siad na modúil dhifriúla atá romhainn.

Gach uile lá, bhí rudaí difriúla ar siúl ar nós cluichí agus fiú hiopnóisí. Chuir an hiopnóisí scanradh an domhain orm, cé go raibh mo chairde nua suas ann ag déanamh amadán astu féin. Ar an Déardaoin, bhí scannán ar siúl taobh amuigh, agus bhí gach duine beagnach préachta leis an bhfuacht. Ag an am céanna, bhí sé go han deas bheith le mo chairde ag baint taitnimh as an scannán, agus le mo bhlaincéad thart timpeall orm. Tar éis sin, bhí Neil Delamer ag cur seó i láthair in san Hub. Bhí sé an-ghreannmhar, agus bhí mé beagnach ag caoineadh leis an ngáire.

Is dócha gur taithí den scoth a bhí sa chéad choicís, idir na cairde agus na heachtraí. Bhí sé go huile is go hiomlán difriúil ó aon taithí eile, go háirithe i gcomparáid leis an meánscoil. Taithí den scoth atá ann fós! Cinnte, tá sé deacair bheith i mo chónaí an-fhada ó mo bhaile, ach gach rud san áireamh, is fiú é.

Cait Ní Cheallacháin, Gaeilge & Iriseoireacht, Fiontar, DCU
Cait Ní Cheallacháin, Mac Léinn Gaeilge & Iriseoireacht, Bliain 1, Fiontar, DCU

San Nioclás, Bingo, Síóga agus an Grinch

BA Gnó agus Gaeilge

Bainimid leas as go leor bealaí éagsúla le cumas na mac léinn a thomhas anseo in Fiontar, DCU. Cé go mbíonn ar na mic léinn cúpla scrúdú a dhéanamh is trí thionscadail phraiticiúla is mó a thugaimid deis dóibh a gcumas a léiriú dúinn. Bíonn áthas ar leith ormsa nuair a bhíonn daoine eile in ann leas a bhaint as na tionscadail sin. Le dhá bhliain anuas mar chuid den mhodúl Bainistíocht Tionscadail ar an BA Gnó agus Gaeilge, bheartaigh na mic léinn ar fad sa rang tabhairt faoi thionscadal tiomsaithe airgid. D’eagraigh siad ar fad imeachtaí le hairgead a bhailiú d’eagraíochtaí carthanais a roghnaigh siad féin. Bhí mise in ann comhairle a chur orthu ag gach staid den phróiseas – ó eagraíocht charthanais agus imeacht a roghnú, tacaíocht a fháil ó dhaoine agus ó eagraíochtaí eile, go riaradh rathúil an tionscadail agus an t-airgead a thabhairt don eagraíocht charthanais féin. Chuir na mic léinn comhairle ar a chéile freisin. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Bhí siad in ann a cleachtadh a fháil ar choincheapa agus uirlisí i mbainistíocht tionscadail a chur i bhfeidhm. Cad is fiú foghlaim conas peil a imirt ó fhíseán mura ndéanann tú iarracht peil a imirt tú féin! Nach iontach a bheith in ann amhrán a chanadh chomh maith le bheith in ann ceol a léamh!

I mbliana bhí mé an-tógtha le cuid de na tionscadail agus na hiarrachtaí a rinne na mic léinn. Thug San Nioclás cuairt ar ionad siopadóireachta Bhaile Munna le féiríní a bhronnadh ar pháistí óga. Rinne comhlachtaí áitiúla ar nós Speedpak agus Pháirtnéireacht Bhaile Munna agus Fhionnbhrú urraíocht ar na féiríní. Bhronn Sarah-Louise Moran breis agus €300 ar Robyn’s Life Trust.

Chuaigh Cáit Baxter níos faide ó bhaile – go Sligeach. D’eagraigh sí oíche Bingo le duaiseanna urraithe ag siopaí i mbaile Shligigh. Bhí Cáit in ann breis agus €600 a bhronnadh ar an St Vincent de Paul i Sligeach.

Bhí an-spraoi ag Shauna Ní Bhraonáin agus a cairde i gCeatharlach. Ag tús mhí na Nollag chuir an ‘Grinch’ sióga a bhí gléasta i nglas agus dearg faoi ghlas i bpríosún i lár an ionaid siopadóireachta. Chaith na sióga an tráthnóna ag impí ar dhaoine airgead a íoc chun iad a shaoradh. Faoi dheireadh an lae agus scornach thinn ar na sióga agus iad ar fad tar éis an lá a chaitheamh ag éalú ón bpríosún agus ag dul ar ais isteach sa phríosún, bhí Shauna in ann breis agus €700 a bhronnadh ar Éist, eagraíocht charthanais i gCeatharlach a bhaineann le hailse.

BA Gnó agus Gaeilge

Thug mé féin dúshlán don rang. Dá mhéad an tsuim airgid a thiomsódh siadsan is ea is mó a thabharfainnse dóibh. Faoi dheireadh an tseimeastair bhí breis agus €2,200 tiomsaithe againn agus tugtha do charthanachtaí éagsúla ar fud na tíre. Ní amháin gur fhoghlaim an rang faoi bhainistíocht tionscadail, ach bhí deis acu na teoiricí a chur i bhfeidhm agus tacú le hobair thábhachtach na n-eagraíochtaí carthanais. Tugann sé sin ar fad sásamh ar leith domsa agus mé ag obair mar léachtóir anseo in Fiontar.

Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar
Emer Ní Bhrádaigh, Léachtóir le Fiontar, DCU

 

Derek O’Brien, BA Gaeilge agus Iriseoireacht 2013

Déanann Derek O’Brien, mac léinn sa bhliain deireadh BA Gaeilge agus Iriseoireacht cur síos faoina shaol i DCU.

Fiontar, DCU, SMEDIAs
Bhuaigh Derek ‘Iriseoir Gaeilge na Bliana’ ag na gradaim SMEDIAs le deireanaí

Sul a thosaigh mé ag tabhairt faoin BA Gaeilge agus Iriseoireacht anseo in Fiontar, DCU, dúirt mo chara rud amháin liom: “Bí réidh. Tá na blianta is fearr i do shaol os do chomhair”. D’fhan an ráiteas sin i m’intinn i gcónaí, go háirithe sa chéad chúpla mí agus mé mar mhac léinn Fiontar. D’airigh mé uaim an scoil, na seanchairde agus go háirithe Gaeilge na nÁtha Cliathach. Ní ullmhaíonn an scoil thú don oiread sin canúintí a chloistear in Fiontar.
Ach diaidh ar ndiaidh, tháinig rudaí le chéile agus thuig mé an cúrsa agus cad a bhí romham. Agus bhí an t-ádh orm gur thuig. Rith sé liom go luath nach bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘céim san iriseoireacht’. Ní fhéadfaí a bheith ‘cáilithe’ mar iriseoir dá mbainfí céim amach i d’aonar. Is iad na rudaí a dhéantar taobh amuigh den chúrsa acadúla a sheasann leat. Is as an dearcadh seo a chur mé tús le mo shuim sa ‘College View’ – nuachtán an choláiste. Bhí fonn orm i gcónaí a bheith ag scríobh, go háirithe mar go raibh andúil aisteach agam i gcúrsaí gramadaí (ná cuir ceist).

Ag deireadh mo chéad bhliain, toghadh mé mar leas-eagarthóir Gaeilge ar an bpáipéar agus ansin mar phríomh-eagarthóir ar an rannóg cúpla mí ina dhiaidh sin. Is ionann an mhí sin agus tús le ‘Ré na nUafás’, mar a ghlaoigh mé air. Is don ghramadach a bhí mé ag tagairt dó leis an teideal sin, seachas aon rud foréigneach.

As an taithí agus an obair eagarthóireachta seo, bronnadh gradam Hybrid orm d’iriseoireacht Ghaeilge in 2012 agus an gradam náisiúnta sna Smedias i mbliana. Ba bhuaicphointí shaol an choláiste iad na hoícheanta sin gan aon amhras. Is iad na hoícheanta sin a thagann díreach chun cinn agus tú ag smaoineamh siar. Domsa pé scéal é.

Fiontar, DCU, SMEDIAs
Ag na gradaim SMEDIAs

Tugann Fiontar agus DCU na háiseanna agus na deiseanna chun eispéireas dochreidte a bhaint amach i gcaitheamh do chéime, ach is leis an duine greim láidir a fháil orthu. Áiseanna agus deiseanna foghlama agus cinn shóisialta freisin. Fanfaidh na héachtaí pearsanta liom i m’intinn go deo. Fanfaidh na hoícheanta ar an drabhlás sa chathair i m’intinn go deo, na féilte éagsúla agus fiú na laethanta nuair nach ndearnamar ach luigh ar an tolg ar feadh 10 n-uaire. Ní bheadh na cuimhní seo agam gan an ‘College View’. Ní bheadh siad agam gan an Cumann Gaelach agus roinnt cumann eile. Ní bheadh siad agam gan Fiontar is dócha.

Fiontar DCU, Derek O'Brien
Ag céiliúradh le cairde