Cumainn agus Clubanna do mhic léinn i DCU

Le Caoimhe Ní Chathail, Mac Léinn ar an BA Gaeilge agus Iriseoireacht, Bliain 2, Fiontar, DCU

10406937_897768576908949_3256761756464549262_n

Bainim taitneamh mór as mo chúrsa BA Gaeilge agus Iriseoireacht. Tá mé anois sa dara bliain agus is aoibhinn liom Fiontar, DCU, ní amháin mar gheall ar an chúrsa iontach atá idir lámha agam ach mar gheall ar an bhéim atá á cur acu ar rannpháirtíocht i gcumainn agus i gclubanna anseo.

Is duine mé a bhaineann sult ollmhór as a bheith páirteach in achan rud. Na hábhair spéise is mó atá agam ná na meáin chumarsáide, an drámaíocht agus an Ghaeilge. Beireann DCU deiseanna iontacha domsa ina dtaobh.

Tá an t-ádh orainn anseo go bhfuil ‘Media Production Society’ fíor-phroifisiúnta againn. Tá sé ina chuidiú ríthábhachtach dúinne go háirithe atá ag déanamh staidéir ar na meáin. Cé go bhfuil gnéithe praiticiúla ag baint lenár ranganna, is mó an tairbhe cleachtadh a fháil le trealamh agus le saghsanna éagsúla meán trí MPS.

10429379_901959156489891_7732219116358674698_n (1)

Glacaim féin páirt mhór in DCUfm agus is é sin an rud is mó a mbainim taitneamh as achan seachtain. Thosaigh mé an chéad bhliain le seó Gaeilge darb ainm NAASA i gcuideachta cuid de mo chairde úra agus ba mhór an taitneamh a bhain mé as. Faoi láthair, tá dhá sheó agam ar an stáisiún ‘Music Mo Chairde’ agus ‘Starróga na Seachtaine’, bím ag léamh ceannlínte spóirt agus nuachta agus tá mé i mo chomhfhreagraí peile do sheó spóirt DCUfm ‘Action Replay’. Is deis iontach é DCUfm taithí a fháil ar threalamh proifisiúnta agus conas do sheó féin a reáchtáil. Bhí baint agam le giota beag staire le gairid fosta mar láithreoir ar an chéad ‘SRA Chart Show’ in Éirinn, a bhí á chraoladh beo chuig stáisiúin raidió ar fud na Breataine. Tá DCUfm ina chuidiú mór dom agus mé ag iarraidh a bheith i mo láithreoir raidió amach anseo.

1503390_835772853148660_3431126989193032675_n

Is gné eile de MPS é DCUtv. An imeacht is mó a bhíonn ar siúl acu achan bhliain ná ‘The 24 Hour Broadcast’, sin ceithre uair is fiche de theilifís bheo craolta ó fhoirgneamh an Henry Grattan. Bhí an t-ádh orm i mbliana an deis a fháil a bheith mar láithreoir air agus ba iad sin an dá lá ab fhearr a chaith mé riamh. Níl tada níos fearr ná a bheith i measc do chairde, ag craoladh cuid de na seónna is seafóideacha a fhad agus a bhailíonn tú na mílte euro ar son carthanas.

10610890_10204232263581126_6706933243097489807_n

Tá Cumann Iriseoireachta againn in DCU chomh maith agus an fhreagracht is mó atá orthu ná nuachtán na hollscoile a reáchtáil. Tá mé féin mar Eagarthóir Gaeilge na bliana seo agus is taithí ríthábhachtach é agus mé ag iarraidh a bheith mar iriseoir amach anseo. Beireann Roinn Ghaeilge ‘The College View’ an deis do mhic léinn a gcuid alt a bheith curtha i gcló.

I mbliana suím mar Oifigeach Urraíochta ar choiste an Chumainn Drámaíochta. Ó thús na chéad bhliana, tá páirt glactha agam i mbeagnach deich seó leis an chumann. Bhí mé ag aisteoireacht, ag canadh agus ag damhsa le leithéidí an ‘panto’, ‘Cabaret’ agus ‘Stars In Your Eyes’. Bhuail mé le mo chairde is fearr agus muid ag cleachtadh do na seónna éagsúla. Bhí mé mar léiritheoir agus mar stiúrthóir ar roinnt seónna fosta agus ag an bhomaite tá mé ag ullmhú léiriú de ‘The Cripple of Inishmaan’ as Gaeilge i gcomhair Sheachtain na Gaeilge. B’fhiú a bheith páirteach sa Chumann Drámaíochta má tá suim dá laghad agat i gcuid ar bith den drámaíocht, ó aisteoireacht go smideadh go dearadh seit.

1012857_10201852913898871_1680557569_n

Ní hé an coiste drámaíochta amháin a shuím air, ach tá mé i mo Leas-Chathaoirleach agus Oifigeach Caidrimh Poiblí don Chumann Gaelach fosta. Tá Cumann Gaelach na hollscoile ag fás agus ag forbairt i gcónaí agus tá muid ag súil go mór le Seachtain na Gaeilge i mbliana. Tá neart imeachtaí socraithe againn mar shampla craolachán de chuid Raidió na Life i gcroílár an choláiste, céilí agus mórshiúl Lá Fhéile Phádraig. Bíonn turas chuig an Oireachtas againn gach bliain agus bíonn sé mar bhuaicphointe dom féin bualadh leis na céadta mac léinn eile ann agus deireadh seachtaine den scoth a chaitheamh ina measc.

10592682_10203784057896264_2768091144227432687_n

Ní thiocfadh liom mo shaol a shamhlú ar an ollscoil gan na cumainn éagsúla seo. Ní bheadh taithí chomh leathan agus chomh taitneamhach agam gan an t-am ar fad a chaithim leo. Mholfainn do dhuine ar bith teacht go Fiontar, DCU, ní amháin dár gcúrsaí iontacha ach ar son saol na gcumann.

Deireadh ré, tús ré.

Le Ronan Ó Dálaigh, Iar mhac léinn BA Gnó agus Gaeilge, Fiontar DCU

Ronan Ó ~Dálaigh
Ronan Ó Dálaigh ag fáil bonn an tSeansailéara ag bronnadh na gcéimeann 2014

Tar éis ceithre bliana a chaitheamh le Fiontar, DCU. Ceithre bliana mar chuid de phobal. Ceithre bliana lán d’fhoghlaim, d’fhorbairt phearsanta, de chraic agus chairdeas. Bronnadh céim orm. BA Gnó agus Gaeilge. Ba mhór an ócáid é, go háirithe toisc gur bronnadh Bonn an tSeansailéara orm. Ach thar aon ní eile, smaoiním ar an tionchar a d’imir DCU orm.

Ronan Ó Dálaigh

Ní hamháin go bhfuil tuairimí éagsúla agam ar an saol agus ar an tsochaí ach tá tuairimí éagsúla agam orm féin, mo chuid luachanna agus spriocanna. Anuas air sin tá an domhan mórthimpeall orm athraithe go mór: bhí deis agam páirt a ghlacadh i mbunú club CLG Na Gaeil Óga agus dá bhrí sin tá saol sóisialta éagsúil agam. Bhunaigh mé mo chuideachta féin www.sedco.ie (maith dom an mhargaíocht), a chiallaíonn go bhfuil mo shlí bheatha bunaithe ar m’eispéireas in DCU.

Is cinnte nach mbeidh faic de sin tarlaithe murach DCU. Fiafraím díom féin, cad is cúis leis an tionchar seo? Conas go bhfeadfadh ollscoil a leithéid de thionchar a imirt ar dhuine!? Feictear dom go bhfuil pobal den chéad scoth in DCU agus gurb é sin an tionchar is mó. Is iad na cairde, an spraoi, na caidrimh agus na nascanna na rudaí is suntasaí agus is sofheicthe faoin bpobal. Ach faoi bhun an dromchla tá dinimic chumhachtach ag gníomhú. Mar gheall ar an bpobal láidir mothaíonn mic léinn mar chuid de ghrúpa atá cosúil leo agus atá ag guí rath orthu. Dá bhrí sin bíonn siad níos sásta triail a bhaint as rudaí nua, rioscaí a ghlacadh agus dul i mbun aistear foghlamtha. An toradh atá air sin ná féin-fhorbairt. Toisc na n-eispéireas nua, cairde nua, dúshlán nua, díospóireachtaí nua, agus smaointí nua ardaíonn féin-mhuinín na mac léinn. Bíonn féiniúlacht níos daingne acu. Tagann an dinimic seo chun cinn i ngníomhaíochtaí na mac léinn. Tiomsaíonn mic léinn DCU na mílte euro in aghaidh na bliana ar son carthanas, bunaíonn siad cuideachtaí, glacann siad páirt i gcúrsaí polaitíochta agus, mar chuid den dinimic chéanna, bíonn ragús óil agus gníomhaíochtaí diúltacha eile mar nósanna acu. Sin cumhacht an phobail: féiniúlacht duine a stiúradh agus iad ag cur ag gníomhú bunaithe air sin.

Thar na blianta d’éirigh le DCU barr feabhais a bhaint amach ó thaobh dea-phobal a chur chun cinn agus a dhaingniú (den chuid is mó) agus tá mé dóchasach go leanfaidh sé seo ar aghaidh; go gcuirfear tuilleadh béime ar thábhacht na ngníomhaíochtaí seach-churaclaim; nach ligfear le meoin nó polasaí nualiobrálach an ruaig a chur ar an dul chun ar fad agus go rachaidh céatadáin níos airde mac léinn i mbun aistear foghlamtha agus féin-fhorbartha. Gabhaim buíochas leo siúd a leag síos an chreatlach os mo chomhair agus táim bródúil as a ndearna mé chun a lorg a leanúint.

Bronnadh na gCéimeanna Fiontar DCU

Ábhar nua trí Ghaeilge

Le Jennifer Purcell, Mac Léinn BA Gnó & Gaeilge, Bliain 1, Fiontar, DCU

BA Gnó & Gaeilge
Jennifer Purcell, Mac Léinn Bliain 1 ar an BA Gnó & Gaeilge

Nuair a chloiseann go leor daoine go bhfuil mé ag déanamh an BA Gnó agus Gaeilge is léir óna n-aghaidh go mbíonn an-mhearbhall orthu. Ní fhéadfadh an chuid is mó mac léinn iad féin a shamhlú ag déanamh staidéir ar aon chúrsa trí Ghaeilge. Sa lá atá inniu ann fágann an chuid is mó daoine an Ghaeilge ina ndiaidh nuair a chríochnaíonn siad scrúduithe na hArdteiste ag tús mí Meitheamh. Ach dom féin, bhí an-spéis agam leanúint ar aghaidh ag labhairt agus foghlaim trí Ghaeilge, ár dteanga dhúchais. Páirt mhór de mo shaol is ea an Ghaeilge agus beidh i gcónaí.

I dtús báire ní raibh mé riamh cinnte go mbeinn inann mé féin a chur in oiriúint do gach rud a fhoghlaim trí Ghaeilge, go háirithe na modúil deacra ar an gcúrsa, mar shampla eacnamaíocht. Is athrú mór é ag foghlaim na n-ábhair nua seo agus ag an am céanna ag iarraidh a dhéanamh cinnte go dtuigim an Ghaeilge go hiomlán. D’éirigh sé níos éasca tar éis roinnt seachtainí. Táim i mo chúigiú seachtain ag déanamh an BA Gnó agus Gaeilge agus táim ag an bpointe anois nuair a bhím i léachtaí agus déanaim dearmad go bhfuilim fiú ag labhairt teanga eile.

Táim ag baint sult as na modúil éagsúla, tá siad an-shuimiúil, bíonn na modúil Ghaeilge ag cabhrú chun snas a chur ar mo chuid Gaeilge scríofa. Is rang beag go leor é an BA Gnó & Gaeilge, mar gheall ar sin tá sé níos éasca aithne a chur ar gach duine ar an gcúrsa agus bíonn sé i bhfad níos easca caint leis na léachtóirí sa rang.

Go dtí seo tá mé ag baint sult as an gcúrsa i ndáiríre agus as an athrú ó bheith ag foghlaim i mBéarla go bheith ag foghlaim i nGaeilge.

BA Gnó & Gaeilge
Jennifer agus a cairde ag an Freshers Ball, DCU

Táim i mo bhall den Chumann Gaelach anois agus bhí am iontach agam i gClub an Chonartha an tseachtain seo caite ag baint taitnimh as an gcraic agus ceol! Táim ar bís faoi cad atá i ndán dom i mbliana.

 

 

Mo Chéad Seachtain i DCU

Le Cáit Ní Cheallacháin, Mac Léinn Gaeilge & Iriseoireacht, Bliain 1, Fiontar, DCU

Tháinig mé go dtí an ‘Big Smoke’ le níos mó málaí i mo lámha ná ciall i mo cheann. Ní raibh aithne agam ar éinne. Cinnte, bhíos ar bís chun tús a chur leis an ollscoil, ach ag an am céanna, bhí mé thar a bheith buartha. Bhuail mé leis na cailíní i mo sheomra, agus buíochas le Dia, bhí siad go han deas ar fad. Tús maith, leath na hoibre, mar a deirtear.

1896880_10203174673987228_109298897906784543_n

Shiúil mé isteach go dtí an Helix. Ar an mbealach, bhí go leor iar-mhac léinn ann chun fáilte a chur romhainn. Bhí go leor fuinnimh acu, agus chuir siad mé ar mo shuaimhneas. Bhí cuid acu as a meabhair leis an mbeocht! Mar sin, lean mé ar aghaidh, ag iarraidh gach rud a thógáil isteach. Bhí aghaidheanna eile thart timpeall orm, a bhreathnaigh cosúil liomsa, neirbhíseach, agus sceitimíneach. Nuair a tháinig mé isteach, baineadh geit asam! Bhí an halla dochreidte mór. Bhí mic léinn gach áit ag caint agus ag comhrá. Bhí atmaisféar leictreach ann, agus bhí mé ag iarradh cairde nua a dhéanamh.

Thosaigh daoine difriúla ag caint linn, ar nós an Uachtaráin Brian MacCraith, an duine i gceannas ar Aontas na Mac Léinn, Kenneth Browne, na daoine i gceannas ar an tsábháilteacht, Garda, Ronan O’Domhnaill, agus cainteoirí eile, dar ndóigh. Thug siad go léir píosaí eolais difriúla dúinn faoi shaol an mhic léinn, agus an tábhacht a bhaineann leis na cumainn agus clubanna difriúla thart timpeall ar an gcoláiste.

10717785_10203170965654522_577164945_n

An lá dar gcionn, bhuail mé le mo chuid léachtóirí i Fiontar, DCU agus bhí siad go léir go han deas agus fáilteach. Bhí sé soiléir go raibh siad ag súil le heachtraí na bliana atá le teacht. Mhol siad dúinn bheith i láthair, agus mhínigh siad na modúil dhifriúla atá romhainn.

Gach uile lá, bhí rudaí difriúla ar siúl ar nós cluichí agus fiú hiopnóisí. Chuir an hiopnóisí scanradh an domhain orm, cé go raibh mo chairde nua suas ann ag déanamh amadán astu féin. Ar an Déardaoin, bhí scannán ar siúl taobh amuigh, agus bhí gach duine beagnach préachta leis an bhfuacht. Ag an am céanna, bhí sé go han deas bheith le mo chairde ag baint taitnimh as an scannán, agus le mo bhlaincéad thart timpeall orm. Tar éis sin, bhí Neil Delamer ag cur seó i láthair in san Hub. Bhí sé an-ghreannmhar, agus bhí mé beagnach ag caoineadh leis an ngáire.

Is dócha gur taithí den scoth a bhí sa chéad choicís, idir na cairde agus na heachtraí. Bhí sé go huile is go hiomlán difriúil ó aon taithí eile, go háirithe i gcomparáid leis an meánscoil. Taithí den scoth atá ann fós! Cinnte, tá sé deacair bheith i mo chónaí an-fhada ó mo bhaile, ach gach rud san áireamh, is fiú é.

Cait Ní Cheallacháin, Gaeilge & Iriseoireacht, Fiontar, DCU
Cait Ní Cheallacháin, Mac Léinn Gaeilge & Iriseoireacht, Bliain 1, Fiontar, DCU

Foghlaim Gaeilge ar Líne

Le bliain anuas tá dochtúireacht á scríobh agam bunaithe ar an bhfoghlaim ríomhchuidithe teangacha. Le linn an ama seo táim tar éis teacht ar an oiread sin aipeanna agus clár a chuidíonn le daoine teangacha a fhoghlaim go neamhspleách agus a chuidíonn le múinteoirí cumas a gcuid mac léinn a fhorbairt sa teanga sin chomh maith. Faraor, is annamh a thagaim ar phíosa teicneolaíochta a chuidíonn le duine feabhas a chur ar a c(h)uid Gaeilge. Is trua mór é seo i mo thuairim mar is minic a chloistear daoine ag rá gur bhreá leo tabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim arís i gceart (n’fheadar cad is brí leis sin). Ar an dea-uair, lainseáladh cúrsa ar-líne don Ghaeilge an tseachtain seo caite chun an bhfadhb sin a réiteach ar Duolingo.com

www.duolingo.com
http://www.duolingo.com

Is ardán foghlama ar-líne den chéad scoth é Duolingo a chuireann cúrsaí teangacha saor in aisce ar fáil. D’éirigh le Duolingo an chéad áit a bhaint amach san AppStore ar iTunes anuraidh i measc na n-aipeanna saor in aisce is fearr ar an margadh. Thosaigh mé ag obair leis an dream in Duolingo i gcaitheamh na bliana i gcomhar le ceathrar eile chun cúrsa Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Lainseáil muid an cúrsa in Beta an Luan seo caite. Is éard a chiallaíonn Beta nach bhfuil sé foirfe go fóill agus go bhfuil sé á fhorbairt againn fós. Faoi láthair tá 19.5 míle duine cláraithe ar an gcúrsa, agus tá an figiúr seo ag dul in airde in aghaidh an lae. Freisin, is gá a rá nach as Éirinn na húsáideoirí seo uilig.

Oireann an cúrsa seo do thosaitheoirí agus d’fhoghlaimeoirí idirmheánacha. Tig le duine scrúdú iontrála a dhéanamh nó tús a chur leis an teanga a fhoghlaim ón tús. Pléitear le buntúis na teanga agus le nithe casta sa chúrsa, cosúil le clásal coibhneasta na copaile mar shampla. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúnamh ollmhór dóibh siúd atá ag tabhairt faoi scrúduithe stáit an bhliain seo chugainn.
Ní réitheoidh an cúrsa seo na fadhbanna nó na dúshláin go léir a bhaineann leis an nGaeilge a fhoghlaim ach tá súil againn go réiteoidh sé roinnt acu. I ndeireadh na dála ní thig le duine teanga a fhoghlaim i gceart gan í a úsáid agus a labhairt go sóisialta.

Oisín Ó Doinn, Fiontar DCU
Oisín Ó Doinn, Mac Léinn Taighde, Fiontar DCU

San Nioclás, Bingo, Síóga agus an Grinch

BA Gnó agus Gaeilge

Bainimid leas as go leor bealaí éagsúla le cumas na mac léinn a thomhas anseo in Fiontar, DCU. Cé go mbíonn ar na mic léinn cúpla scrúdú a dhéanamh is trí thionscadail phraiticiúla is mó a thugaimid deis dóibh a gcumas a léiriú dúinn. Bíonn áthas ar leith ormsa nuair a bhíonn daoine eile in ann leas a bhaint as na tionscadail sin. Le dhá bhliain anuas mar chuid den mhodúl Bainistíocht Tionscadail ar an BA Gnó agus Gaeilge, bheartaigh na mic léinn ar fad sa rang tabhairt faoi thionscadal tiomsaithe airgid. D’eagraigh siad ar fad imeachtaí le hairgead a bhailiú d’eagraíochtaí carthanais a roghnaigh siad féin. Bhí mise in ann comhairle a chur orthu ag gach staid den phróiseas – ó eagraíocht charthanais agus imeacht a roghnú, tacaíocht a fháil ó dhaoine agus ó eagraíochtaí eile, go riaradh rathúil an tionscadail agus an t-airgead a thabhairt don eagraíocht charthanais féin. Chuir na mic léinn comhairle ar a chéile freisin. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Bhí siad in ann a cleachtadh a fháil ar choincheapa agus uirlisí i mbainistíocht tionscadail a chur i bhfeidhm. Cad is fiú foghlaim conas peil a imirt ó fhíseán mura ndéanann tú iarracht peil a imirt tú féin! Nach iontach a bheith in ann amhrán a chanadh chomh maith le bheith in ann ceol a léamh!

I mbliana bhí mé an-tógtha le cuid de na tionscadail agus na hiarrachtaí a rinne na mic léinn. Thug San Nioclás cuairt ar ionad siopadóireachta Bhaile Munna le féiríní a bhronnadh ar pháistí óga. Rinne comhlachtaí áitiúla ar nós Speedpak agus Pháirtnéireacht Bhaile Munna agus Fhionnbhrú urraíocht ar na féiríní. Bhronn Sarah-Louise Moran breis agus €300 ar Robyn’s Life Trust.

Chuaigh Cáit Baxter níos faide ó bhaile – go Sligeach. D’eagraigh sí oíche Bingo le duaiseanna urraithe ag siopaí i mbaile Shligigh. Bhí Cáit in ann breis agus €600 a bhronnadh ar an St Vincent de Paul i Sligeach.

Bhí an-spraoi ag Shauna Ní Bhraonáin agus a cairde i gCeatharlach. Ag tús mhí na Nollag chuir an ‘Grinch’ sióga a bhí gléasta i nglas agus dearg faoi ghlas i bpríosún i lár an ionaid siopadóireachta. Chaith na sióga an tráthnóna ag impí ar dhaoine airgead a íoc chun iad a shaoradh. Faoi dheireadh an lae agus scornach thinn ar na sióga agus iad ar fad tar éis an lá a chaitheamh ag éalú ón bpríosún agus ag dul ar ais isteach sa phríosún, bhí Shauna in ann breis agus €700 a bhronnadh ar Éist, eagraíocht charthanais i gCeatharlach a bhaineann le hailse.

BA Gnó agus Gaeilge

Thug mé féin dúshlán don rang. Dá mhéad an tsuim airgid a thiomsódh siadsan is ea is mó a thabharfainnse dóibh. Faoi dheireadh an tseimeastair bhí breis agus €2,200 tiomsaithe againn agus tugtha do charthanachtaí éagsúla ar fud na tíre. Ní amháin gur fhoghlaim an rang faoi bhainistíocht tionscadail, ach bhí deis acu na teoiricí a chur i bhfeidhm agus tacú le hobair thábhachtach na n-eagraíochtaí carthanais. Tugann sé sin ar fad sásamh ar leith domsa agus mé ag obair mar léachtóir anseo in Fiontar.

Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar
Emer Ní Bhrádaigh, Léachtóir le Fiontar, DCU

 

Na Gaeil Óga

Na Gaeil Óga
Na Gaeil Óga

Cloistear daoine óga, scaití, ag gearán nach dtugtar deis dóibh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus iad taobh amuigh den seomra ranga. ‘Cén mhaith,’ a deir siad, ‘an oiread sin ama a chaitheamh le foghlaim na teanga nuair nach féidir í a úsáid agus tú amuigh go sóisialta nó sa láthair oibre?’

Muise, an ceart acu. Fiú an té a bhfuil an Ghaeilge go paiteanta aige ag fágáil na scoile dó, ní bheidh sí i bhfad ar a thoil aige mura labhraíonn sé í go rialta. Cabhair mhór é, ar ndóigh, go mbíonn rochtain ag daoine ar na meáin Ghaeilge, leithéidí Raidió na Gaeltachta agus TG4. Ach más maith ann iad, is cinnte nach leor iad.

Ní haon amaidí an ráiteas ‘beatha teanga í a labhairt’. Ach cén áit – taobh amuigh den Ghaeltacht – a bhféadfadh duine gnáthshaol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge?

Ní ag caint ar Ghaeilgeoirí gairmiúla atá mé, daoine (ar nós mé féin) atá ag obair in earnáil na teanga nó mic léinn Ghaeilge sna coláistí tríú leibhéal. Ní hea, a mhic ó, ach na daoine ar dochtúirí nó teicneoirí ríomhaire iad cuir i gcás ar leasc leo a gcumas Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí ar fhágáil na scoile dóibh.

Cúis dóchais é, b’fhéidir, gur shocraigh cuid de na mic léinn in Fiontar – mar aon le daoine ón taobh amuigh – pobal dá gcuid féin a chruthú i 2010 a thabharfadh deis dóibh an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs eile seachas an saol acadúil.

Club peile a bhí i gceist agus bhaist siad ‘na Gaeil Óga’ (GÓ) orthu fein. Más fíor go mbíonn gach tús lag, b’amhlaidh a bhí an scéal i gcás na mar is ar éigean gur éirigh leo cluiche ar bith a bhuachan i rith a gcéad shéasúir. Lean siad orthu, áfach, ag traenáil (agus ag gaeilgeoireacht!), beag beann ar na torthaí ar pháirc na himeartha.

Na Gaeil Óga
Na Gaeil Óga i mbun traenáil

Agus is ag dul ó neart go neart atá an club ó shin. Tá ceithre fhoireann ag na i mbliana – dhá fhoireann peile fear (A agus B), foireann peile ban agus foireann iománaíochta. Lena chois sin, d’éirigh leis na fir A agus leis na mná ardú céime sa tsraith a fháil anuraidh.

Meascán d’imreoirí ó Bhaile Átha Cliath ach a tógadh le Gaeilge agus daoine as na Gaeltachtaí (Conamara, na Déise etc.) agus cónaí orthu anois sa phríomhchathair mar aon le mic léinn agus iarmhic léinn DCU agus coláistí tríú leibhéal eile atá i gceist.

Beidh na Gaeil Óga, an t-aon chlub peile/iománaíochta lán-Ghaeilge i mórcheantar BÁC nó taobh amuigh den Ghaeltacht, in iomaíocht i gComórtas Peile na Gaeltachta arís i mbliana, comórtas a bheidh ar siúl i Maigh Cuilinn i mí an Mheithimh.

Ná habair feasta gur don seomra ranga amháin í an Ghaeilge. Agus a bhuíochas sin, go pointe áirithe, do mhic léinn Fiontar!

Fiontar DCU
PJ Mac Gabhann, Eagarthóir Taighde, Fiontar DCU